Your cart is currently empty!
Scéalta Nuachta ó Leabhar Breac
-
Féilimí mac Criomhthainn
Cléireach de shliocht Eoghanacht Chaisil ab ea Feilimí mac Criomhthainn (Fedelmid mac Crimthainn) agus rí ar Mhumhain ó 820 go 84 Ball den chléir a bhí ann i dtús a shaoil, agus ball den Chéile Dé — gluaiseacht spioradálta a leag béim ar an díthreabhachas. Luaitear le mainistir Dhoire Eidhneach go sonrach é (nó Doire na bhFlann i gContae Thiobraid Árann mar atá inniu air). Scriba et anchorita (scríobhaí agus díthreabhach) a tugadh air in Annála Uladh, agus bhí sé...Read More
-
Scríbhneoirí Gaeilge ar son na Palaistíne
Is breá linn a fhógairt go bhfuil an leabhrán nua Ar Son na Palaistíne anois ar fáil ó cheann ceann na tíre — ón gCafé Liteartha sa Daingean go dtí an Cheathrú Póilí i mBéal Feirste. Ag ócáid ina raibh ball de choiste náisiúnta na Palaistíne den ghluaiseacht BDS (baghcat, dífheistiú, smachtbhannaí) ar cuairt ar Chorcaigh, ghlac Saleh Hijazi cóip den phaimfléad 'Ar Son na Palaistíne' ón scríbhneoir Colm Ó Ceallacháin. Naonúr de scríbhneoirí Leabhar Breac agus an dearthóir Caomhán...Read More
-
Amhráin Amhairgin ar fáil
Amhráin Amhairgin: leabhar nua le Máire Mhac an tSaoi ar fáil anois. Don té a bheadh ag iarraidh dul amach ar shaothar Mháire Mhac an tSaoi, tá fianaise bhreise sa leabhar seo, Amhráin Amhairgin, An Chailleach Bhéarra, Amhra Choilm Cille, ar an acmhainn diamhair teangan agus samhlaíochta atá le brath ó thosach deireadh a cuid scríbhneoireachta. Acmhainn diamhair teangan agus samhlaíochta Tá údarás agus uaisleacht in uachtar sna dánta seo, Amhráin Amhairgin, An Chailleach Bhéarra, agus Amhra Choilm Cille mar...Read More
-
Scríbhneoirí ar son na Palaistíne sa Cheathrú Póilí
Is breá linn a fhógairt go bhfuil an leabhrán nua Ar Son na Palaistíne anois ar fáil sa Cheathrú Póilí i mBéal Feirste agus gur gearr go mbeidh sé ar fáil i siopaí eile. Naonúr de scríbhneoirí Leabhar Breac agus an dearthóir Caomhán Ó Scolaí atá páirteach sa bhfiontar deonach seo chun airgead a bhailiú do Phalaistínigh atá faoi ionsaí ag fórsaí Iosrael i nGaza. Is iad Diarmuid Johnson, Eilís Ní Anluain, Liam Mac Cóil, Proinsias Mac a'Bhaird, Colm Ó...Read More
-
Ar Son na Palaistíne sa Siopa Leabhar
Tá áthas orainn a fhógairt go bhfuil an leabhrán nua Ar Son na Palaistíne anois ar fáil sa Siopa Leabhar i mBaile Átha Cliath agus gur gearr go mbeidh sé ar fáil i siopaí eile. [caption id="attachment_17455" align="alignleft" width="260"] Refaat Alareer (1979–2023)[/caption] Naonúr de scríbhneoirí Leabhar Breac agus an dearthóir Caomhán Ó Scolaí atá páirteach sa bhfiontar deonach seo chun airgead a bhailiú do Phalaistínigh atá faoi ionsaí ag fórsaí Iosrael i nGaza. Is iad Diarmuid Johnson, Eilís Ní Anluain,...Read More
-
Ard-Fheidhmeannaigh Uí Néill
Ard-fheidhmeannaigh agus biataigh Uí Néill is ábhar d'alt Dharach Uí Scolaí san eagrán nua den irisleabhar Léann. Ar na hábhair eile atá faoi chaibidil in Léann 7 tá Franz Kafka agus Máirtín Ó Cadhain, nathanna na Gaeilge, saothar Phádraig Uí Chíobháin, agus dán adhmholta ón 15ú haois d’Éinrí Ó Néill. Feidhmeannach de chuid sheanteaghlaigh an Tiarnais Ardfheidhmeannach de chuid Uí Néill ab ea Pádraig Óg Ó Maolchraoibhe (fl. 1542-52). Cé gur sheanteaghlach de shliocht Néill Naoighiallaigh a mhuintir, ní léir...Read More
-
Duanaire Uí Néill
I measc na n-alt scolártha ar fad atá in eagrán nua Léann, tá alt ríspéisiúil leis an Dr Gordon Ó Riain (Ollscoil Luimnigh) ar Dhuanaire Uí Néill, 'Dán i nDuanaire Éinrí Uí Néill (†1489): Cúlra, Comhthéacs, agus Anailís'. Ar na hábhair eile atá faoi chaibidil in Léann 7 tá Franz Kafka agus Máirtín Ó Cadhain, nathanna na Gaeilge, saothar Phádraig Uí Chíobháin, agus feidhmeannach agus biataigh Thír Eoghain sa 16ú haois. An stair á ríomh i nduanaire Uí Néill Sa...Read More
-
Léann 7 ar an bhFód
Faoi dheireadh is faoi dheoidh tá an t-eagrán is deireanaí d'iris Chumann Léann na Litríochta i gcló. Seo é an seachtú himleabhar den iris scolártha Léann. Ar na hábhair atá faoi chaibidil in Léann 7 tá Franz Kafka agus Máirtín Ó Cadhain, nathanna na Gaeilge, saothar Phádraig Uí Chíobháin, dán adhmholta ón 15ú haois d'Éinrí Ó Néill, agus feidhmeannach agus biataigh Thír Eoghain sa 16ú haois. Is é an príomhchuspóir atá ag Cumann Léann na Litríochta plé a spreagadh ar...Read More
-
Cuairt San Nioclás á aithris ag Macdara Ó Fátharta
I gceiliúradh ar bhronnadh Ghradam de Bhaldraithe ar Cuairt San Nioclás, tá an dán cáiliúil taifeadta ag an aisteoir clúiteach Macdara Ó Fátharta agus é ar fáil in aisce do léitheoirí. Is in Cuairt San Nioclás ('Twas the Night Before Christmas) a ainmníodh den chéad uair ocht bhfia Shan Nioclás: TINTREACH, TOIRNEACH, RUÓG, RADAIRE, CÓIMÉAD, CÚIPID, RUAGAIRE, PREABAIRE. Agus níl trácht ar bith ann ar Rudolf, fia nár tháinig i gceist go dtí 1939 nuair a scríobh Robert L. May...Read More
-
Úrscéal Mór an Chogaidh Mhóir
Gan aon dabht, seo é 'Úrscéal Mór an Chogaidh Mhóir'. An t-aon úrscéal Gaeilge a phléann leis an gCéad Cogadh Domhanda (1914-18), agus is mórthaibhseach, éachtach an t-úrscéal é. Leabhar a thógfaidh a háit ar an tseilf in éineacht le húrscéalta Erich Maria Remarque agus Jaroslav Hašek, agus a sheasfaidh taobh le saothar mór na nGrianach Ógánaigh Chloich Chionnaola Faoi thailm na bpléascán agus chnagarnach bhuan na ngunnaí móra, faighimid radharc scanrúil ar an chogadh trí shúile an fhir óig...Read More