Your cart is currently empty!
Bláthnaid
€18.00
Bláthnaid: 56 lch; clúdach crua; 978-1-913814-56-4
Tá scéal Bhláthnaide ar cheann de scéalta móra na Rúraíochta. Is ann atá cur síos ar Chú Raoi, rí Dheasumhan agus ard-asarlaí Éireann, agus ar an gcaoi ar fhuadaigh sé Bláthnaid, iníon álainn rí Mhanann, go dtí a dhún féin, Cathair Con Raoi i gCiarraí.
Ach níorbh é Cú Raoi amháin a leag súil uirthi. Shantaigh Cú Chulainn freisin í agus is mar gheall uirthi a bhí sé ina bháire fola idir Muimhnigh agus Ultaigh ar shleasa Shliabh Mis. Go deimhin, tá sé sa seanchas fós i gCiarraí gur dhoirt Bláthnaid bainne in abhainn na Fionnghlaise mar chomhartha do Chú Chulainn agus na hUltaigh go raibh Cú Raoi ina chodladh gan chosaint sa dún.
Iníon le Meann, Rí Mhanann, ab ea Bláthnaid, agus ba le Clanna Deadhadh, de shliocht na nÉireann (Iverni), a bhain Cú Raoi mac Dáire. Treibh a bhí iontu siúd a d’fhág a n-ainm ar an tír agus a rian ar Chúige Mumhan, ach go háirithe. Sa mhórscéal Táin Bó Cuailnge, ghlac Cú Raoi páirt i slógadh Mhéibhe is Ailealla in aghaidh na nUltach, agus sna tráchtais ghinealaigh, léirítear a ghaol leis an ardrí Conaire Mór.
Áirítear an seanscéal Oidhe Chú Raoi mhic Dáire (Aided Conrói maic Dáiri) ar mhórscéalta na Rúraíochta. Sna lámhscríbhinní Leabhar Buí Leacáin (a scríobhadh thart ar an mbliain 1400) agus Egerton 88 (a scríobhadh sa 16ú haois) atá an dá leagan is sine den scéal, agus tá leaganacha eile de ar fáil i Laud 610 agus i bhForas Feasa an Chéitinnigh.
Is ar na leaganacha sin a bhunaigh Darach Ó Scolaí an leagan nua seo. Is í Anastasia Melnykova a rinne an obair ealaíne.
You may also like…
-
Éadaoin
Diarmuid Johnson€16.00The story of Éadaoin is our finest Old Irish love story, a story that survived in fragments found in The Book of the Dun Cow and in The...
Add to cart -
Filleann Seoirse
Eilís Ní Anluain€15.00Filleann Seoirse: A lyrical, thoughtful and literary novel set in a seaside town in today’s Ireland. Told in the voice of a young woman, Lís, whose home life...
Add to cart -
Táin Bó Cuailnge
Darach Ó Scolaí€18.00Táin Bó Cuailnge is the story of Cú Chulainn, the Hound of Ulster, and of how he stood his ground, along with his charioteer Lao, against the great...
Add to cart -
Deirdre
Darach Ó Scolaí€18.00Deirdre: The story of Deirdre and the sons of Uisneach is one of Ireland's greatest tales. The oldest version is found in the 12th Century Book of the...
Add to cart