Éadaoin

Diarmuid Johnson

16.00

Éadaoin; 136 pp; hardback;  978-1-909907-68-3

The story of Éadaoin is our finest Old Irish love story, a story that survived in fragments found in The Book of the Dun Cow and in The Yellow Book of Leacan. Diarmuid Johnson has combined all these various fragments and knitted them into a whole — filling the gaps and adding meat to the bones — to create a new old epic comparable to Helen of Troy or the story of Tristan and Isold.

Amongst the Immortals

Éadaoin is a bird-woman of the Fairy People, spending time here amongst mortals, spending time amongst the immortals in the fairy palace of Brí Léith. She was the wife of Eochaidh King of Tara, but Midhir was her true love, Midhir of the Sí, Midhir of Brí Léith, the handsome and sweet-spoken Midhir.

Spite and Jealousy

But another woman was jealous of Éadaoin: Fuamnach, Midhir’s first wife. Fuamnach of the Dark Arts, Fuamnach the Spiteful: with three taps of her rowan rod, she turned Éadaoin into a butterfly and banished her over land and seas for a long long time.

This is a story about the loneliness of women. The loneliness of a woman who was left without husband or lover. And as she is of the immortals  her loneliness is everlasting. This is an old tale in a new guise, an old contemporary theme, a great tragedy about the seven binding knots of love.

An Irish Origin Tale

This story comes hot on the heels of Diarmuid Johnson’s two other books in this trilogy. In 2017 he published Conaire Mór, a book which recounts the Old Irish tale Togail Bruidne Da Derga. In 2018 he published Tuatha Dé Danann, a book which recounts the coming of the people before the Gaeil,

With the publication of Éadaoin the triangle of the Tara Trilogy is complete, and we have cause to celebrate three jewels recounting the origin tales of Ireland.

Nuacheapadóireacht ar sheantéama atá sa gcóiriú seo de scéal Éadaoine, mórscéal grá ó aimsir na Sean-Ghaeilge a bhfuil mantanna móra ag baint lena sheachadadh. A bhuíochas do phrós fuinte agus fíochán fileata Dhiarmuid Johnson, tá reacaireacht ealaíonta leanúnach curtha ar fáil do léitheoirí an lae inniu. Fágann an chumadóireacht chúramach, an fhorbairt a dhéantar ar théamaí agus an laoi filíochta ‘Mé Éadaoin’ gur saothar ealaíne ina cháilíocht féin é an foilseachán seo: ‘Mé Éadaoin, is sean mo dhán, chéasas rí, charas leannán.’— Dónall Ó Braonáin, Tuairisc.ie

“The Magical World of Story”

“Tá an leagan nua an-dílis d’éirim agus do shonraí an bhunsaothair ach cuirtear an t-ábhar ar fáil ar bhealach atá iontach mealltach do léitheoir an lae inniu. Saothraítear mianach liriciúil na teanga trí ruthaig rithimiúla, trí úsáid éifeachtach na huaime agus na fuaimfhoclaíochta agus tríd an athrá ar abairtí agus ar aonaid uamacha. Tagtar i dtír ar phictiúrthacht an bhunsaothair; athchruthaítear cruth agus uigeacht éadaí, ornáidí agus áirnéisí; agus cuirtear daoine agus ainmhithe agus timpeallachtaí fisiciúla de chineálacha éagsúla i láthair ina steillbheatha. Thar aon rud eile, éiríonn leis an saothar ealaíonta seo an léitheoir a mhealladh isteach in ndomhan draíochtúil na seanscéalaíochta.” — Máirín Nic Eoin, Comhar

“A Book that Cuts to the Quick”

Seoidleabhar eile Diarmuid Johnson sa tsraith d’athinsintí as an traidisiún scéalaíochta. … Tá an daonnacht, idir ghrá, uaigneas agus éad, an leochaileacht agus an osnádúrthacht gob ar ghob le chéile agus an t-iomlán faoi bhrat na filiteachta agus na gontachta stíle sin ar saintréith den litríocht dúchais í. — Seosamh Ó Murchú, Comhar

Sárleabhar…. Fágann prós luaineach preabach an údair an léitheoir faoi gheasa ag scríbhneoireacht a théann go smior in acmhainní bisiúla na teanga….  Níl sárú le fáil ar an gcur i láthair in Éadaoin d’uaigneas buan an neach daonna, cráite le meanmarc na síoraíochta.

“Tá trí leabhar na sraithe seo mar ardphointí i bhfoilseacháin na Gaeilge le roinnt blianta anuas agus tá Johnson agus Leabhar Breac le moladh astu.” — Dubhán Ó Longáin, Feasta

Read an excerpt from Éadaoin

Read a review of Éadaoin in Nós Magazine