Your cart is currently empty!
Scéalta Nuachta ó Leabhar Breac
-
Oíche Scéalaíochta agus Marú ar Bhruach Locha
Agus sinn ag druidim leis an Nollaig, is caoi agus is feiliúnach an clúdach atá ar an eagrán nua de Feis Tigh Chonáin, leagan Dharach Uí Scolaí de Feis Tigh Chonáin Chinn tSléibhe — nua-insint ar sheanscéal Fiannaíochta a cumadh sa 15ú haois. Radharc as pictiúr cáiliúil Phieter Bruegel atá ar an gclúdach, Sealgairí sa Sneachta. óir is mar sin a chuirtear tús le Feis Tigh Chonáin, agus an dá fhéinní, Fionn agus Diorraing sa choill tar éis lá seilge....Read More
-
Óráidí
Ó thús na staire, tá sé aitheanta gur gléas cumhachtach cumarsáide an óráid phoiblí. Bíonn feidhm le briathra a deirtear os comhair slua — le daoine a ghríosú chun gnímh, leis an éagóir a chur ina ceart, le cath a chur ar an tíoránacht, leis an ngrá a chraobhscaoileadh, le misneach a chur ar dhaoine a bhfuil cruatan rompu, le tuairimí nua a nochtadh nó le heolas a thabhairt. Bíonn feidhm níos suaraí leo freisin — le holc agus bréaga...Read More
-
Gradam Buaite ag Ar Luch agus ar Dhuine
Tá Gradam de Bhaldraith buaite ag aistriúchán le Colmcille Ó Monacháin ar úrscéal clúiteach Steinbeck, Of Mice and Men. Gradam litríochta de chuid chomórtais an Oireachtas atá sa ghradam seo agus ba in 2019 a cuireadh tús leis an ghradam. Bronntar an gradam ar an aistriúchán is fearr gach bliain. Eagrán álainn Gaeilge den seanchlasaic le John Steinbeck Of Mice and Men atá sa saothar— leabhar a céadfhoilsíodh in 1937, ceann de mhórshaothair na haoise seo caite. Scéal atá ann...Read More
-
Trí Leabhar as Deich ag Leabhar Breac!
Trí leabhar atá ag Leabhar Breac sna deich leabhar is fearr a foilsíodh in 2020 dar le Tuairisc.ie. Sa naoú háit tháinig Éadaoin le Diarmuid Johnson, sa tríú háit tháinig An Ghaeilge sa Dlí le Dáithí Mac Cárthaigh, agus sa dara háit (taobh thiar den fhoclóir nua, tháinig Bealach na Spáinneach le Liam Mac Cóil. "An Sméar Mhullaigh" 'Sméar mhullaigh thríológ Liam Mhic Cóil' a thugann Dónall Ó Braonáin ar Bealach na Spáinneach. Ag scríobh dó ar Tuairisc.ie is é...Read More
-
Na Trí Mhac Tíre!
Pictiúrleabhair Áille Neamhghnácha Faoi dheireadh thiar, tá trí leabhar nua curtha leis an tsraith Mac Tíre. Trí leabhar a bhí sa tsraith go dtrí seo: An Mac Tíre nach raibh Sásta Siúl, An Mac Tíre a raibh Faitíos an Domhain air, agus An Mac Tíre a bhí sa Tóir ar an nGrá. Ar cheann de na sraitheanna pictiúrleabhar do pháistí is mó rachairt i nGaeilge faoi láthair tá an tsraith álainn Mac Tíre leis an údar Francach Orienne Lallemand — go deimhin, ní in Éirinn...Read More
-
Foghlaí Mara!
Cé nach bhfuil sé ceithre bliana ó aistríodh úrscéal iomráiteach Robert Louis Stevenson Treasure Island go Gaeilge, seasann sé mar chlasaic ar sheilfeanna leabhar. San eagrán breá sómasach seo de Oileán an Órchiste le mórscríbhneoir na hAlban, tá na pictiúir dhaite le N.C. Wyeth agus an léarscáil a mhaisigh an chéad eagrán den úrscéal in 1883. Go deimhin, is fada muid ag fanacht sa Ghaeilge le Long John Silver, agus le seanscairt na pearóide: 'Píosaí ocht réal! píosaí ocht réal! Jim Hawkins agus Long John Silver Tá an t-úrscéal seo le Robert...Read More