Óráidí a Chuaigh i gCion

Aibhistín Ó Duibh

15.00

208 lch; clúdach bog; 978-1-909907-63-8

Ó thús na staire, tá sé aitheanta gur gléas cumhachtach cumarsáide an óráid phoiblí. Bíonn feidhm le briathra a deirtear os comhair slua — le daoine a ghríosú chun gnímh, leis an éagóir a chur ina ceart, le cath a chur ar an tíoránacht, leis an ngrá a chraobhscaoileadh, le misneach a chur ar dhaoine a bhfuil cruatan rompu, le tuairimí nua a nochtadh nó le heolas a thabhairt.

Olc agus Bréaga

Bíonn feidhm níos suaraí leo freisin — le holc agus bréaga a scaipeadh, leis an dubh a chur ina gheal, le paisin fhuafara a chorraí. Cén t-iontas go raibh an óráidíocht ar na healaíona is mó meas sa domhan clasaiceach agus go ndúirt Cicearó nach raibh rud ar bith chomh dochreidte sin nárbh fhéidir a dhéanamh inghlactha le hóráidíocht?

Ó Mhaois go Roosevelt!

Sa chnuasach seo, tá os cionn leathchéad óráid ar fad, óráidí a tugadh ó aimsir Mhaois anuas go dtí Éire na linne seo. Tá idir mhór-óráidí ann — leithéidí Pheiricléas, Napoléon, Abraham Lincoln, an Phiarsaigh, Éamon de Valera, Franklin D. Roosevelt — agus óráidí nach bhfuil a gclú chomh mór sin ach a thugann léargas eile dúinn ar an saol agus ar an stair.

Seoid is ea Óráidí a Chuaigh i gCion … níl lorg an aistriúcháin le brath in alt ar bith acu, ach Gaeilge chraicneach á spalpadh ag Napoléon Bonaparte, Emmaline Pankhurst agus Edward Carson. Is cuid de threalamh intleachtach iarthar an domhain nathanna mar ‘rialú na ndaoine, ag na daoine, ar son na ndaoine’, ‘an cuirtín iarainn’ agus ‘tá an aisling seo agam’. — Antain Mac Lochlainn, Comhar

Óráidí na Staire

Léigh sliocht as Óráidí a Chuaigh i gCion

Féach ar leathanach FaceBook Chló Lováin