Your cart is currently empty!
Scéalta Nuachta ó Leabhar Breac
-
Mad Sweeneyeachas Heaney
Mar is dual do chuid mhór de litríocht na Meánaoise, is téacs é Buile Shuibhne a bhfuil snátha iomadúla seanchais snaidhmthe ina chéile ann. Is téacs é a thugann léargas dúinn ar ilghnéitheacht an traidisiúin as ar fáisceadh Suibhne ach a léiríonn freisin nár éirigh le húdar an bhunscéil na snátha sin a thabhairt faoi réir a chéile go sásúil ná go comhsheasmhach. Ní locht ar an údar sin óir is de thréathra na cruthaitheachta meánaoisí gur mar sin a...Read More
-
An Seabhac agus Cath Fionntrá
Breandán Ó Cróinín Fear ildánach liteartha, fear polaitíochta agus duine des na pearsain ba mhó le rá i saol na Gaeilge in aimsir na hAthbheochana ab ea Pádraig Ó Siochfhradha (1883–1964), nó an Seabhac mar ab fhearr aithne air. Bheadh a ainm in airde mura mbeadh déanta aige ach an obair eagarthóireachta a dhein sé ar shaothar Thomáis Chriomhthain ón Oileán Tiar ach, taobh amuigh de sin, is mó saothar litríochta a chur sé de i gcaitheamh a shaoil: chuir...Read More
-
Prág 2017: Comhdháil Mhór na Gaeilge
Radvan Markus & Máirín Nic Eoin Loci autem mons curvatur in modum delphini, marini porci, tendens usque in predictum amnem. Ad quem cum perveneritis, invenietis hominem in media silva limen domus operantem. Et quia ad humile limen etiam magni domini se inclinant, ex eventu rei urbem, quam edificabitis, vocabitis Pragam. — Cosmas, Chronica Bohemorum, 1119-1125. [San áit sin, lúbann an sliabh, ar nós deilfe, muice mara, i dtreo na habhann thuasluaite. Nuair a thiocfaidh sibh ann, feicfidh sibh fear i...Read More
-
Táin Bó Cuailnge: an Scannán
Bliain mhór don Táin í — agus tús á chur le hobair ar an scannán beochana Táin Bó Cuailnge! Is é John McCloskey (An Béal Bocht) atá i mbun na hoibre agus tá súil againn go mbeidh an scannán le feiceáil againn in 2026. I mbliana freisin a foilsíodh an t-eagrán nua den leabhar le Darach Ó Scolaí (móide gluais agus innéacs). Seo í an tríú cló ar an leabhar, saothar a bhí as cló le beagnach bliain anuas. Ionradh...Read More
-
Feargal Ó Béarra, scríbhneoir, ceoltóir agus scoláire ar lár
Gan é bliain féin ar lár, aithnítear an caillteanas mór inár measc agus duine de na scríbhneoirí, de na cumadóirí ceoil, agus de na scoláirí ba mhó a bhí againn sciobtha uainn. "scoláire agus scríbhneoir Gaeilge i mbláth a mhaitheasa" a thug an tOllamh Máirín Ní Dhonnchadha air. Le blianta beaga anuas, rinne sé athchóiriú ar phéire de sheanscéalta móra na Gaeilge, ‘Tromdhámh Guaire’ agus ‘Buile Shuibhne’. Bronnadh gradam Leabhar na Bliana 2019 ar ‘An Tromdhámh’, agus bhí an leabhar...Read More
-
Tá an-tábhacht leis na Gradaim
“Tá an-tábhacht leis na gradaim,” arsa Diarmuid Johnson inné, ar chloisteáil dó go raibh a úrscéal Ceallach áirithe ar ghearrliosta Ghradam Uí Shúilleabháin i mbliana.” Is i dteannta a chéile is fearr sinn “Bíonn sé de sprioc ag an scríbhneoir agus an an bhfoilsitheoir saothair mhaithe a chur os comhair an phobail, agus is cuid den obair sin atá sna comórtais liteartha. Cuireann sé áthas ar mo chroí aird a bheith ar mo leabhar féin, agus tréaslaím a saothar leis...Read More
-
Siúrmó — Léitheoireacht Samhraidh
Siúrmó — léitheoireacht samhraidh. Is í atá á léamh acu i Marseille an samhradh seo. Scéinséir mór gréine na bliana seo, é te sna sálaí ar Kíor Thuathail — agus é aistrithe go binn blasta ag Bernadette Nic an tSaoir dúinn. Bréan den chaimiléireacht agus den chiníochas, tugann Fabio Montale a chúl leis na póilíní agus so- craíonn síos leis an saol simplí a chaitheamh faoi sheanrithimí an bhaile — an fharraige, an t-iascach, beár na háite, agus cluichí belote...Read More
-
Seolfar Ceallach
Ag ócáid i mBaile Átha Cliath ar an 18 Aibreán, seolfar an t-úrscéal nua le Diarmuid Johnson, Ceallach. Is é Antain Mac Lochlainn a sheolfaidh an leabhar le tionlacan Bhríd Harper ar an veidhlín, agus léifidh Diarmuid cúpla mír as an leabhar. Leabhar Álainn a Léifear le Práinn Ag trácht ar an leabhar do Mháire Ní Fhinneadha ar Tuairisc is é a dúirt sí, "Seo leabhar álainn a léifear go minic le cion is práinn … Ní bíobla lán soiscéalta...Read More
-
Deirdre
Deirdre, nó Loingeas Mhac Uisnigh, an dara leabhar atá le foilsiú faoi Thionscadal na nÚrscéal. Foilsíodh Tinte na Farraige Duibhe le Tim Armstrong (Air Cuan Dubh Drilseach, CLÀR, 2013; aistrithe ag Eoin P. Ó Murchú) in 2020. Deirdre na hAlban agus na hÉireann Pictiúrleabhar le Darach Ó Scolaí agus Anastasia Melnykova é Deirdre, leagan nua den seanscéal Éireannach agus Albanach Longes Mac nUislenn atá le foilsiú ag Leabhar Breac i mí Dheireadh Fómhair. Cé go bhfuil scéal Dheirdre ar fáil...Read More
-
Feargal Ó Béarra RIP
"Bhí Feargal Ó Béarra ar dhuine de na daoine ba chumasaí dár casadh ariamh orm; bhí bua na scoláireachta aige, bua an cheoil agus bua na scríbhneoireachta — agus crua-Ghaeilge le cois. "Bhí sé d'ádh orainne, i Leabhar Breac, a bheith ag obair leis, agus is féidir liom a rá gur duine é a bhí éilitheach ó thaobh na hoibre de — leag sé caighdeán ard síos dó féin agus dúinn uilig: b'fhuath leis sleamchúis agus siléig. Agus cé gur...Read More