Your cart is currently empty!
Scéalta Nuachta ó Leabhar Breac
-
Tá an-tábhacht leis na Gradaim
“Tá an-tábhacht leis na gradaim,” arsa Diarmuid Johnson inné, ar chloisteáil dó go raibh a úrscéal Ceallach áirithe ar ghearrliosta Ghradam Uí Shúilleabháin i mbliana.” Is i dteannta a chéile is fearr sinn “Bíonn sé de sprioc ag an scríbhneoir agus an an bhfoilsitheoir saothair mhaithe a chur os comhair an phobail, agus is cuid den obair sin atá sna comórtais liteartha. Cuireann sé áthas ar mo chroí aird a bheith ar mo leabhar féin, agus tréaslaím a saothar leis...Read More
-
Siúrmó — Léitheoireacht Samhraidh
Siúrmó — léitheoireacht samhraidh. Is í atá á léamh acu i Marseille an samhradh seo. Scéinséir mór gréine na bliana seo, é te sna sálaí ar Kíor Thuathail — agus é aistrithe go binn blasta ag Bernadette Nic an tSaoir dúinn. Bréan den chaimiléireacht agus den chiníochas, tugann Fabio Montale a chúl leis na póilíní agus so- craíonn síos leis an saol simplí a chaitheamh faoi sheanrithimí an bhaile — an fharraige, an t-iascach, beár na háite, agus cluichí belote...Read More
-
Seolfar Ceallach
Ag ócáid i mBaile Átha Cliath ar an 18 Aibreán, seolfar an t-úrscéal nua le Diarmuid Johnson, Ceallach. Is é Antain Mac Lochlainn a sheolfaidh an leabhar le tionlacan Bhríd Harper ar an veidhlín, agus léifidh Diarmuid cúpla mír as an leabhar. Leabhar Álainn a Léifear le Práinn Ag trácht ar an leabhar do Mháire Ní Fhinneadha ar Tuairisc is é a dúirt sí, "Seo leabhar álainn a léifear go minic le cion is práinn … Ní bíobla lán soiscéalta...Read More
-
Deirdre
Deirdre, nó Loingeas Mhac Uisnigh, an dara leabhar atá le foilsiú faoi Thionscadal na nÚrscéal. Foilsíodh Tinte na Farraige Duibhe le Tim Armstrong (Air Cuan Dubh Drilseach, CLÀR, 2013; aistrithe ag Eoin P. Ó Murchú) in 2020. Deirdre na hAlban agus na hÉireann Pictiúrleabhar le Darach Ó Scolaí agus Anastasia Melnykova é Deirdre, leagan nua den seanscéal Éireannach agus Albanach Longes Mac nUislenn atá le foilsiú ag Leabhar Breac i mí Dheireadh Fómhair. Cé go bhfuil scéal Dheirdre ar fáil...Read More
-
Feargal Ó Béarra RIP
"Bhí Feargal Ó Béarra ar dhuine de na daoine ba chumasaí dár casadh ariamh orm; bhí bua na scoláireachta aige, bua an cheoil agus bua na scríbhneoireachta — agus crua-Ghaeilge le cois. "Bhí sé d'ádh orainne, i Leabhar Breac, a bheith ag obair leis, agus is féidir liom a rá gur duine é a bhí éilitheach ó thaobh na hoibre de — leag sé caighdeán ard síos dó féin agus dúinn uilig: b'fhuath leis sleamchúis agus siléig. Agus cé gur...Read More
-
Ocht bhFia Bheag’ Rua
Is sa dán clúiteach 'Oíche Nollaig go Deireanach' nó 'Twas the Night Before Christmas' le Clement Clarke Moore a ainmníodh den chéad uair ocht bhfia Shan Nioclás: TINTREACH, TOIRNEACH, RUÓG, RADAIRE, CÓIMÉAD, CÚIPID, RUAGAIRE, PREABAIRE. Agus níl trácht ar bith ann ar Rudolf, fia nár tháinig i gceist go dtí 1939 nuair a scríobh Robert L. May an leabhar Rudolph the Red-Nosed Reindeer. Seo é an cur síos atá ar na fianna sa dán: Lasadh léasracha gealaí ar an sneachta...Read More
-
Oíche Nollaig go Deireanach
Oíche Nollaig go Deireanach nó 'Twas the Night Before Christmas' a tugadh go coitianta ar an dán clúiteach a chum Clement Clarke Moore dhá chéad bliain ó shin, Cuairt San Nioclas (A Visit from St Nicholas). An Nollaig seo, faoi dheireadh thiar, tá an leagan Gaeilge ar fáil i bhfoirm leabhair agus aistrithe ag Darach Ó Scolai. Bunaithe ar eagrán 1912 atá an leabhar nua, arna mhaisiú ag an ealaíontóir clúiteach Meiriceánach Jessie Wilcox Smith. Tá 'Cuairt San Nioclás’, ar...Read More
-
Siúrmó Tagtha i dTír!
Enfin! Tá an dara húrscéal le Jean-Claude Izzo tagtha ó na clódóirí — Siúrmó, scéinséir mór gréine mar a bhí sa chéad úrscéal, Kíor Thuathail — agus é aistrithe go binn blasta ag Bernadette Nic an tSaoir dúinn. Bréan den chaimiléireacht agus den chiníochas, tugann Fabio Montale a chúl leis na póilíní agus so- craíonn síos leis an saol simplí a chaitheamh faoi sheanrithimí an bhaile — an fharraige, an t-iascach, beár na háite, agus cluichí belote faoin ngrian. Ach...Read More
-
Cuairt San Nioclás ar Lascaine Speisialta!
I gceiliúradh ar bhronnadh Ghradam de Bhaldraithe ar Cuairt San Nioclás, tá an leabhar ar fáil ar lascaine speisialta go deireadh na míosa seo. Is sa dán clúiteach 'Oíche Nollaig go Deireanach' nó 'Twas the Night Before Christmas' le Clement Clarke Moore a ainmníodh den chéad uair ocht bhfia Shan Nioclás: TINTREACH, TOIRNEACH, RUÓG, RADAIRE, CÓIMÉAD, CÚIPID, RUAGAIRE, PREABAIRE. Agus níl trácht ar bith ann ar Rudolf, fia nár tháinig i gceist go dtí 1939 nuair a scríobh Robert L....Read More
-
Fómhar na Leabhar
Sa Chultúrlann i mBéal Feirste ar an 16-17 Meán Fómhair a reáchtálfar Fómhar na Leabhar — féile litríochta a dhéanfaidh ceiliúradh ar scríbhneoirí agus ar an scríbhneoireacht i gcomhluadar le léitheoirí den uile aois. I sraith comhráití poiblí agus léamhanna, tabharfar scríbhneoirí le chéile le plé a dhéanamh ar an litríocht, ar an léitheoireacht agus ar a saothar féin. Ar na scríbhneoirí agus aistritheoirí a bheidh páirteach beidh Alan Titley, Antain Mac Lochlainn, Labhrás Ó Finneadha agus Muiris Ó Raghallaigh,...Read More