Your cart is currently empty!
An Béal Bocht (Myles na gCopaleen)
€15.00
An Béal Bocht: úrscéal graifice; 102 lch (bog) 978-1-899922-87-1
Athchóiriú i bhfoirm úrscéil graifice (nó i bhfoirm coimice) le Colmán Ó Raghallaigh ar cheann de mhórleabhair na Gaeilge agus í maisithe ag an ealaíontóir John McCloskey.
Clasaic i Saol Liteartha na hÉireann
Ón lá a foilsíodh i dtosach é sa bhliain 1941 tá cáil ar An Béal Bocht mar chlasaic i saol liteartha na hÉireann. Tá clú idirnáisiúnta bainte amach ag an údar as a shaothar i mBéarla ach níl aon dabht ná go bhfuil an leabhar seo ar cheann d’éachta liteartha Bhriain Uí Nuallaín (Myles na gCopaleenj).
Scannán Beochana den Leabhar
Tá blas comhaimseartha fós ar an aoir aoibhinn ghreannmhar seo agus beocht úrnua anois ann sa leagan ealaíonta gleoite grafach seo ó Chló Mhaigh Eo. Ceann de mhórleabhair na Gaeilge í seo, bunaithe ar eagrán Bhreandáin Uí Chonaire den mhórshaothar, cóíirithe mar úrscéal graifice ag Colmán Ó Raghallaigh, agus é maisithe ag John McCloskey. Is i bpáirt leis an scannán beochana den leabhar a rinneadh an t-úrscéal graifice seo.
Léigh an cur síos ar an bpróiseas oibre sa Parish Review
Leabhair eile a thaitneodh leat?
-
-33%
Corp an Duine Uasail
Pénélope BagieuOriginal price was: €12.00.€8.04Current price is: €8.04.A leithéid de shaol! Tar éis do Zoé an lá a chaitheamh mar fháilteoir ag comhdhálacha agus seónna tráchtála, ní bhíonn ag fanacht léi sa bhaile ach leisceoir...
Cuir sa Chiseán -
-33%
An Buille Scoir
Hugo PrattOriginal price was: €7.50.€5.03Current price is: €5.03.Úrscéal grafach sa tsraith 'Corto Maltese'. 1918, tá Corn na hAfraice faoi cheannas Shasana. Nuair a roinneann an Captaen Bradt, ó na King's African Rifles, rún uafásach le...
Cuir sa Chiseán -
An Tóraíocht
Colmán Ó Raghallaigh€12.00Tá an grá agus and t-éad fite ina chéile sa scéal tragóideach seo ina chuireann an banphrionsa álainn Gráinne an laoch mór Diarmaid faoi gheasa í a bhreith...
Cuir sa Chiseán