Leabhar Breac
Foilsitheoirí Leabhar

An Ceithearnach Caolriabhach

Darach Ó Scolaí

15.00

An Ceithearnach Caolriabhach: 56 lch; clúdach crua; ISBN 1898332142

“Chonaiceadar óglach caolriabhach isteach chucu, leath a chlaímh taobh thiar dá thóin, an t-uisce ag plobarnaíl ina bhróga, barra a dhá chluas amach trína sheanbhrat….” Leis sin cuirtear tús le hathinsint ar scéal a chum scríbhneoir anaithnid 500 bliain ó shin ina ndeantar cur síos greannúr ar na himeachtaí a chuireann idir thaoisigh, ghallóglaigh, chláirseoirí, agus chrochadóirí na tíre as a gcranna cumhachta.

Ceiliúradh ar Chamchuairt Ghrinn

Scríbhneoir anaithnid a scríobh ‘An Ceithearnach Caoilriabhach’ thart faoin mbliain 1500. Sa leagan nua seo den seanscéal — le peann, le scuab, agus le gártha graosta — déantar ceiliúradh ar chamchuairt ghrinn a thosaigh 500 bliain ó shin agus a bhfuil an oiread gean ag Gaeil uirthi ó shin. Athinsint bhreá ar an seanscéal, agus an mhaisíocht ag cur go mór le greann an scéil.

Tá de bhua aige tú a iompar isteach i saol eile

Arsa an t-údar, in agallamh le Comhar (Bealtaine, 2002): “I mblianta tosaigh na 16ú hAoise a cumadh ‘Eachtra an Cheithearnaigh Chaoil-Riabhaigh’ nó ‘Ceithearnach Uí Dhomhnaill’ mar a thugtar scaití air. Fearacht scéalta eile dá shórt ní ó lámh an údair atá sé againn ach ó scríobhaithe éagsúla, Pádraig Ó Pronntaigh agus Pádraig Ó Loingsigh ina measc. D’fhoilsigh Enrí Ó Muirgheasa agus Standish Hayes O’Grady a leaganacha féin sa chéad seo caite.

“Scéal grinn ón 16ú hAois atá in An Ceithearnach Caolriabhach. Ní hionann is greann cliste foclach an lae inniu, is le háiféis is mó a bhaineann greann cleasach an Cheithearnaigh. Agus is mó go mór fada é racht gháire an Cheithearnaigh. Aniar ó aimsir na fiannaíochta chualathas é in ‘Bruidhean Eochaidh Bhig Dheirg’, agus in ‘Bodach an Chóta Lachna’; bhí sé le cloisteáil i ‘Seachrán Chearúil’ agus sa chrosántacht; ansin san 18ú hAois bhí sé á scairteadh go hard in ‘Siabhradh Mhic na Mí-Chomhairle’. Sa lá atá inniu ann tá macalla an gháire chéanna fós i ndrámaí Johnny Chóil Mhaidhc. Mar a rinne scríobhaithe eile romham, sa leagan seo den ‘Cheithearnach’ cuirimse romham an scéal a inseacht do léitheoirí mo linne-sa agus, b’fhéidir, an gáire neamhurramach céanna a bhaint astu, an racht a bhí le cloisteáil in Éirinn 500 bliain ó shin.”

An Ceithearnach Caolriabhach is a modern Irish version of an old story, which succeeds in maintaining the vigour, poetry, humour and bawdiness of the original. The illustrations, by the author, underline the humour. The story will appeal to both young and old with a sufficient knowledge of Irish. — Booksunlimited

Cairpéad draíochta ildathach coimhthíoch

“Tá seanscéal mar seo cosúil le cairpéad draíochta. Tá cuma chearnógach air. Tá seanphatrúin ann, agus ornáidí cainte a úsáidtear arís is arís i ndóigh rialta, ach le mionathraithe. San am céanna, tá sé ildathach, coimhthíoch, agus lán le lúbanna áiféiseacha. Tá sé de bhua aige tú a iompar isteach i saol eile gan dua dá laghad.” — Dennis King, Nótaí Imill.

Léigh léirmheas ar bhlog Dennis King: Nótaí Imill

Description

Eolas breise

Weight400 g

Leabhair eile a thaitneodh leat?