Description
48 lch; clúdach bog; ISBN 978-0-898332-05-2
An chéad úrscéal sa tsraith ‘Sráid an Iarla‘ ina gcastar Mártan orainn in eachtra seo don aoighrúpa 9-10 mbliana.
Agus madraí á ngoid ar fud an bhaile tagann fear mór dubh, nó an Gruagach, mar a thugann Mártan air) agus bean óg fhionn chun cónaithe in Uimhir 2, Sráid an Gheata Bhig. Nuair a imíonn an madra beal dorais gan tasc gan tuairisc cuireann Mártan speis sna comharsana nua. Cé hé an Gruagach? Cé tá ag fuadach na madraí?
“Scéal iomlán réalaíoch … feiceann an gasúr gné osnádúrtha leis an scéal de bharr a chuid léitheoireachta agus samhlaíochta, agus de bhrí go nglacann sé go litriúil le meafar i gcaint na ndaoine fásta. Thar a bheith éifeachtach! Níl an chaint sa leabhar róchrua agus tá sé ar chumas m’iníne é a léamh. Beidh orm dul sa tóir ar na leabhair eile sa tsraith!” — Aonghus Ó hAlmhain, ‘Smaointe Fánacha Aonghusa’