Romeo agus Juliet

William Shakespeare

7.50

24 lch; clúdach bog; ISBN: 9781 911363 07 1

Sa phictiúrleabhar gleoite seo sa tsraith ‘Clasaicí Beaga Bídeacha’ déantar athinsint do pháistí ar cheann de chlasaicí móra na hEorpa.

Fadó, i Verona na hIodáile a mhair Romeo agus Juliet. Cé go raibh fuath ag a muintir dá chéile, bhí Romeo agus Juliet go mór i ngrá. Ach tháinig an chinniúint agus a muintir féin sa bhealach ar an ngrá, agus tháinig deireadh tragóideach leis.

I nGaeilge shimplí shoiléir, agus le pictiúir den scoth, cuirtear an seanscéal álainn seo faoi bhráid an pháiste den chéad uair. Leabhar é seo a dhúiseoidh samhlaiocht an pháiste.

Sraith sé phictiúrleabhar lándaite do léitheoirí óga atá sa bhailiúchán ‘Clasaicí Beaga Bídeacha’. Sa bhailiúchán seo, tá An Odaisé, Romeo agus Juliet, Frankenstein, Oileán an Órchiste Don Cíochótae agus Camchuairt Ghuilivéir.

I Sasana sa 16ú hAois a rugadh William Shakespeare. Tá Romeo agus Juliet ar cheann de na drámaí is clúitl leis Is é Darach Ó Scolaí a d’aistrigh.