Cú 3

Paul Bolger & Barry Devlin

12.00

168 lch; clúdach bog;  978-1-909907-91-1

An Leabhar Deireanach sa Triológ CÚ

Cú: Fuascailteoir.
An tríú leabhar in eipic mhór Chú Chulainn — agus an scéal ar fad ar fáil anois mar úrscéal graifice. San imleabhar deireanach seo bailíonn naimhde Chú Chulainn ina aghaidh — Calaitín, Méabh, Feardia, agus fiú an Mhór-Ríon féin! Is anseo a dhéanann Cú Chulainn agus Feardia comhrac an átha. Agus, mar bharr ar an donais, déanann sluaite Chonnacht ionradh ar Chúige Uladh chun na hUltaigh a bhriseadh. Beidh sé ina bháire fola!

Insint láidir bhríomhar atá anseo ar an seanscéal agus é maisithe le fuinneamh is le teannadh. Leabhar í seo a dhúisíonn seanchuimhní an chine agus a spreagann samhlaíocht na hóige.

An Táin i dTraidisiún ‘From Hell’ agus ‘300’

“Cé go bhfuil bunchreatlach an scéil ar eolas ag go leor níl an leabhar seo teanntaithe ag an seanscéal agus dá bhrí sin ní fada go dtéann sé agus na pictiúir chorraitheacha i bhfeidhm ort … Éiríonn thar cionn leis. Chuirfeadh úsáid chliste na ndathanna From Hell nó 300 i gcuimhne duit.” — Eoin P. Ó Murchú, Nós

“Leagan iontach de scéal Cú Chulainn curtha ar fáil ag Paul Bolger agus Barry Devlin san úrscéal grafach seo atá aistrithe go Gaeilge ag Leabhar Breac. An chéad chuid de thriológ a phléann le hóige Shéadanda agus a shaol go dtí go cuirtear go hAlbain é le gaiscíocht a fhoghlaim ón mbanlaoch Scáthach.” —Aonghus Ó hAlmhain, Gobblefunked

Léigh sliocht as Cú 3