Cumadóireacht Uí Chadhain

Mícheál Briody & Máirín Nic Eoin

20.00

144 pp; paperback; 978-1-909907-29-4

Is éard atá foilsithe sa leabhar seo ná leagan anótáilte de thrí scríbhinn de chuid Mháirtín Uí Chadhain atá caomhnaithe i gcartlann Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, maraon le réamhaiste chuimsitheach a chuireann na téacsanna sin i gcomhthéacs scríbhinní critice agus litríochta eile dá chuid. Is é coincheap na cumadóireachta an snáth ceangail idir na téacsanna seo, a breacadh ag tréimhsí éagsúla i saol cruthaitheach Uí Chadhain.

Coincheap na Cumadóireachta i gComhthéacs na hEalaíne Nua-Aoisí

Pléitear gnéithe den chumadóireacht sa traidisiún béil sa chéad téacs, mínítear tábhacht na cathrach don scríbhneoir sa dara ceann, agus téann an tríú téacs i ngleic le coincheap na cumadóireachta i gcomhthéacs na healaíne nua-aoisí agus athruithe soch-chultúrtha na 1960idí. Áitíonn na heagarthóirí gur ghné luachmhar d’oidhreacht liteartha Uí Chadhain a chuid scríbhinní critice. Agus iad á gcur i gcomhthéacs mór-ráiteas critice eile dá chuid, ar nós ‘Béaloideas’ (1950) agus ‘Páipéir Bhána agus Páipéir Bhreaca’ (1969), léiríonn na scríbhinní atá foilsithe den chéad uair anseo tábhacht an Chadhnaigh mar chriticeoir liteartha agus cultúir. Léiríonn siad freisin tábhacht a shaothair neamhfhoilsithe mar fhoinse léargais ar fhorás a mhachnaimh agus a chleachtais liteartha.

Céim Réabhlóideach sa Taighde ar an gCadhnach

Saothar é seo a chuirfidh go mór lenár dtuiscint ar an gCadhnach mar scríbhneoir agus mar smaointeoir ar chúrsaí litríochta agus cumadóireachta i gcoitinne. — An tOll. Gearóid Denvir

D’fhéadfaí a áiteamh gur céim réabhlóideach é seo sa taighde ar an gCadhnach. De bharr an scagtha a rinne an bheirt eagarthóirí ar an ábhar, beidh sé níos éasca do scoláirí eile na foinsí luachmhara seo a aimsiú agus ár dtuiscintí ar shaothar agus ar shaol Uí Chadhain a leathnú.— Dr Radvan Markus

“Léargais úra … ar dhearcadh Uí Chadhain ar an litríocht agus ar ghníomh na cruthaitheachta féin. Déantar nótaí cuimsitheacha léirmhínithe a chur leis na téacsanna chomh maith le réamhaiste, aguisíní, modh eagarthóireachta agus rogha saothar critice.” — Dónall Ó Braonáin, Tuairisc.ie