Macán ag Obair sa Ghairdín

Orianne Lallemand

6.00

20 lch; clúdach crua; ISBN: 978-1-913814-00-7

Inniu, tá Macán ag obair sa ghairdín le Daidí. Tá sé ag rácáil agus ag tochailt agus ag cur síolta. Is fada leis go mbeidh na plandaí ag fás. Ach caithfidh sé a bheith foighneach.

Sraith sé phictiúrleabhar don aoisghrúpa 3-6 mbliana. Sna scéilíní deasa seo is mar a chéile na deacrachtaí a bhíonn ag Macán Mac Tíre agus na deacrachtaí a bhíonn ag gach páiste — suí ar an bpota; dul a chodladh ina leaba féin; nó a dhinnéar a ithe. Leabhair álainn soláimhseáilte cartchláir iad le léamh os ard sa bhaile, sa naíonra nó ar scoil.