Múinídh dom Glao

Michelle O Riordan

15.00

148 lch, clúdach bog; ISBN 978-0-898332-X

Tá aithne forleathan ar an údar seo mar shaineolaí ar fhilíocht na mbard ón Nua-Ghaeilge Mhoch anall, go háirithe mar gheall ar an staidéar atá déanta aici ar na dánta ina gcomhthéacs stairiúil. Cuireann an leabhar seo lenár dtuiscint ar an bhfilíocht sin agus ar an athrú a tháinig le himeacht aimsire ar thuiscint na bhfilí féin ar an gcaidreamh daonna. Maisiú ar an leabhar is ea an stíl réidh sholéite tríd síos, agus is ábhar spéise a bhfuil le rá ag an údar faoi chuid de na dánta is cáiliúla sa Ghaeilge d’éinne a bhfuil spéis aici i dtraidisiún filíochta na Gaeilge.

“Murab ionann agus an gnáthshaothar critice, seo leabhrán ar deacair é a leagan uait a luaithe is a bhlaiseann tú de, ar a thaitneamhaí agus a phléisiúrtha is atá sé ar mhórán cúiseanna. Pléisiúr agus taitneamh as bheith i láthair na háilleachta, agus trí bheith i gcuibhreann an údair i ngníomh cruthaitheach na léitheoireachta; óir leanann hupsis Longinus, pléisiúr iomasach an aitheantais, ón teideal agus an réamhscríbhinn amach go dtí an cuireadh chun dialóige faoi eithne na filíochta Gaeilge sa chaibidil chlabhsúir [….]

“Agus i measc sine qua non na filíochta áiríonn sé: cruinneas foirme agus foireann mhaith táilliúirí .i. sinsear agus traidisiún uile an fhile. Ní deachtóireacht Yeats ó lasmuigh lena ‘Irish poets learn your trade’ atá anseo againn, mar sin, ó Sheán Ó Ríordáin ná ó Mhichelle O Riordan, ach impí ó laistigh de thraidisiún, file agus ollamh agus an traidisiún ar de iad ag feidhmiú as láimh a chéile. Tá an leabhrán seo mar sin, ina dlaoi mullaigh, ina chloch phréacháin ar a bhfuil d’éachtaint agus de thuiscint tugtha ag Michelle O Riordan dúinn ar ábhar na filíochta in The Gaelic Mind and the Collapse of the Gaelic World (1990), agus ar stíl na filíochta in Irish Bardic Poetry and Rhetorical Reality (2007).” — Tadhg Ó Dúshláine.

“Tá Múinídh dom glao: Éifeacht mhothálach an ghairmigh ag filí na Gaeilge curtha amach go slachtmhar tarraingteach ag Leabhar Breac. Is éifeachtach mar a chuireann an plé ar theicníc fhileata ar leith lenár dtuiscint ar na dánta agus is saothar é seo a thugann léargas luachmhar dúinn ar shaibhreas liteartha na filíochta Gaeilge.” — Deirdre Nic Mhathúna, ComharTaighde Eag. 7

Léigh léirmheas ar ComharTaighde