Te bruite as na clódóirí, seo chugainn Bódléar, an t-úrscéal is deireanaí le Darach Ó Scolaí. Ghnóthaigh Bódléar Duais an Oireachtais i mbliana agus tá sé áirithe ag léirmheastóir amháin “mar chlasaic den seánra”.
File mallaithe agus cantal air!
“Saothar álainn míorúilteach” a thug an file Aifric Mac Aodha ar an leabhar nua. Úrscéal é a shuitear i mbaile beag ar an gcósta thiar san 19ú haois. Gach samhradh, cumann an máistir scoile dán ar son mhuintir an bhaile agus beireann ó dheas leis é chuig Cúirt Mhór na bhFilí i gCúige Mumhan. Bíonn súil mhór abhaile leis féin agus leis na hamhráin nua a thugann sé ar ais leis, agus reachtáiltear oíche mhór le fáilte abhaile a chur roimhe.
Ach i mbliana, tá Bódléar tagtha aneas agus cantal air. As seo seo amach, cumfaidh sé “filíocht nua,” a deir sé, “filíocht níos fírinní!” Ach nuair a chloiseann muintir an bhaile na dánta nua seo “gan rím gan rithim”, tagann uafás agus alltacht orthu. An sagart féin, fógraíonn sé na ‘filí mallaithe’ ón altóir.
Súil ó dheas i dtreo na Fraince agus na Réabhlóide
San duais-leabhar seo, tugann an Scolaíoch isteach i ndomhan beag tuaithe muid, go dtí baile beag ar an gcósta ina bhfuil feiceáil thar farraige ag an bpobal ar chúige Mumhan ó dheas, áit a mhaireann Filí na Máighe fós, agus níos faide ó dheas, i dtreo Pháras — áit arbh é tearmann seanríthe Stíobhardacha an traidisiúin roimhe sin é ach ar stáitse réabhlóide agus mórathruithe anois é.
Go deimhin, is úrscéal é Bódléar a phléann le nithe tromchúiseacha, le hathruithe móra an tsaoil tráth a raibh domhan traidisiúnta tuaithe na hÉireann ag druidim níos gaire don tubaiste agus don nua-aois a tháinig sna sála uirthi.
Deir Darach Ó Scolaí go bhfuil sé “ar bharr an tsaoil ag an scéala. Is deas an rud duais aitheantas a fháil,” ar sé, “agus is mór an chabhair don úrscéal é duais mhór mar seo a bheith bronnta air.”
“Gach caibidil níos pléisiúrtha ná a chéile”
“Nóibhille cruthaitheach samhlaíoch a thugann an léitheoir siar go dtí Éire Ghaelach na hochtú haoise déag (más fíor) agus a bhaineann macalla ní hamháin as filíocht Ghaeilge na tréimhse sin, ach as úrscéalta clasaiceacha na fichiú aoise chomh maith,” arsa Breandán Ó Cróinín. “Tá an teanga fíorálainn saibhir is gluaiseann an scéal ar aghaidh ina chaibidlí gearra gonta, gach ceann acu níos pléisiúrtha ná a chéile. Áireofar Bódléar mar chlasaic den seánra, ní amach anso, ach láithreach bonn.”
“Is saothar álainn míorúilteach é seo ina ndéantar pósadh idir an léann agus an daonnacht, an fhírinne shuthain agus an stair ghiongach. Agus comhcheol na nGael agus na bhFrancach á chasadh ag an údar, éiríonn leis cúpla sonc a thabhairt d’fhileadóirí an lae inniu feadh na slí, rud nach miste in aon chor,” arsa Aifric Mac Aodha
Rentrée na Bliana Seo
Ar na leabhair eile atá ar “rentrée littéraire” Leabhar Breac i mbliana, tá an t-úrscéal Fiche le Colm Ó Ceallacháin, úrscéal do dhéagóirí le Antain Mac Lochlainn, Éanna Corr, leabhar ar litríocht na Gaeilge le míle bliain anuas, Deoch an Tobair le Diarmuid Johnson, agus an t-úrscéal Óró le Alan Titley — chomh maith le heagrán nua de Tóraíocht Dhiarmada agus Ghráinne agus de Ar Luch agus ar Dhuine.
Tuilleadh eolais: Darach Ó Scolaí ar Vicipéid