Ar an 14 Bealtaine 1752 a tharla Marú na hApann (nó Murt na h-Apann; Murt na h-Apainn) mar a thugtar sa Ghaidhlig ar lámhach Chailein Rua Caimbéil. Is é Séamas Stíobhaird a ciontaíodh sa dúnmharú — fear a crochadh san éagóir, mar a síleadh go coitianta ag an am.

Beirt ag éalú sna GarbhchríochaÉirí Amach 1745

I Leitir Móir gar do Bhaile a’ Chaolais ar an 14 Bealtaine 1752 a maraíodh Cailean Rua Caimbéal ó Ghleann an Iubhair nó an Sionnach Rua mar a thugtaí air. Caitheadh an Caimbéalach sa droim, agus d’éalaigh an fear a chaith é. Gníomhaire de chuid an rialtais a bhí sa Chaimbéalach, agus é freagrach as na heastáit a baineadh de Chlann Stíobhaird i dTuaisceart Oirear Gael tar éis éirí amach 1745. Bhí cáil na Seacaibíteach ar Chlann Stíobhaird na hApann, dream a cuireadh dá dtalamh ar ordú an Chaimbéalaigh, agus a rabhthas in amhras fúthu ó thús gurbh iad a mharaigh an Caimbéalach.

Caimbéalaigh agus Stíobhardaigh

D’éalaigh an fear ba mhó a rabhthas in amhras faoi, Ailean Breac Stíobhaird agus gabhadh Séamas Stíobhaird nó Séamas an Ghleanna mar a thugtaí air, agus cúisíodh sa dúnmharú é. Cé go raibh fianaise láidir ann nach raibh an Stíobhardach ar an láthair, ciontaíodh é as páirt a ghlacadh sa dúnmharú. Caimbéalach a bhí sa bhreitheamh, Giolla Easpaig Caimbéal, 3ú Diúc Oirear Gael, agus ba Chaimbéalaigh aon duine dhéag den 15 a bhí sa ghiúiré.

Clúdach leabhair, book coverSéamas an Ghleanna

Crochadh Séamas an Ghleanna ar an 8 Samhain 1752 i mBaile a’ Chaolais, agus mhaígh sé as a neamhchiontacht agus é ar an gcroch. Ar an gcroch dó, chan sé mír as Sailm 35:

“Éiríonn finnéithe bréige i m’éadan do mo cheistiú ‘ch mé ain-eolach.
Díolann siad an t-olc in aghaidh na maithe liom: tá m’anam go brónach.”

An Sionnach Rua

Duine ab ea Cailean Rua Caimbéal a raibh gean air, fiú i measc na Seacaibíteach. Go gairid sular maraíodh é, rinne an file Seacaibíteach Alasdair Mac Mhaighstir Alasdair magadh faoi dhílseachtaí an Chaimbéalaigh ina aoir “An Airce”. Sa dán, gealltar pionós do na Caimbéalaigh as tréas in aghaidh an fhíor-rí, agus gealltar díle mhór ar thailte na gCaimbéalach. Ordaítear don fhile aithris a dhéanamh ar Naoi agus áirc a thógáil chun na Caimbéalaigh atá dílis don Stíobhardach a thabhairt slán, ach gealltar fliuchadh ar dtús do chuid acu chun a dtréas a ghlanadh.

Ge toil leam Cailean Glinn Iubhair
B’fheàrr leam gu ‘m b’ iubhar ‘s nach b’ fheàrna;
Bho ‘n a threig e nàdur a mhuinntreach,
‘S gann a dh’ fhaodar cuim thoirt dà-san.
Cuir boiseid de ionmhas Righ Deorsa,
De smior an òir mu theis-meadhon;
‘S ìobair e ‘Neptun ge searbh e,
Mur grad-ainmich e ‘n righ dlighneach.

Chum Donnchadh Bàn Mac an t-Saoir marbhna ar Chailean Caimbéal, “Cumha Chailein Ghlinn Iubhair”.

Ailean Breac Stíobhaird

Is é an marú seo a bhí ina inspioráid ag an scríbhneoir Albanach Robert Louis Stevenson dá úrscéal clúiteach An Fuadach, agus is carachtair sa scéal na pearsana Ailean Breac Stíobhaird agus Séamas an Ghleanna. Mac altrama le Séamas an Ghleanna ab ea Ailean Breac agsu saighdiúir a throid ar son na Stíobhardach i gCúil Ódair.

Taighde Nua

Sa bhliain 2001, dhearbhaigh Anda Penman, bean 89 bliain d’aois de shliocht thaoisigh Stíobhardach na hApainn, rún a bhí sa teaghlach le 250 bliain. Dúirt sí gur ceathrar de thaoisigh óga na Stíobhardach a shocraigh an Caimbéalach a mharú gan chead ó Shéamas an Ghleanna. Bhí sé ina chomórtas lámhaigh eatarthu agus roghnaíodh Dónall Stíobhaird ó Bhaile a’ Chaolais chun an beart a chur i gcrích. De réir an scéil, bhí Dónall ag iarraidh é féin a thabhairt suas ach chuir a mhuintir stop leis. Cúpla bliain tar éis mharú Shéamais an Ghleanna, nuair a tugadh an corp ar ais dá mhuintir lena chur, ba é Dónall a bhí freagrach as níochán na gcnámh roimh an tsochraid.

Ina mórthaighde ar Mharú na hApann mheas an Dr Lee Holcombe, de réir na bhfianaisí, gurbh é Séamas an Ghleanna a d’ordaigh Cailean Caimbéal a lámhach. Shíl sí nárbh é Ailean Breac Stíobhairt, ach Dónall Stíobhairt, a chaith an piléar.

Leabhar Breac
Privacy Overview

This website uses cookies so that we can provide you with the best user experience possible. Cookie information is stored in your browser and performs functions such as recognising you when you return to our website and helping our team to understand which sections of the website you find most interesting and useful.