Óró mhíle grá, tá an Rentrée Littéraire chugainn! I mbliana aris, le rabharta mór an fhómhair tá éadáil leabhar á chaitheamh i dtír.

Clúdach leabhair, book cover: long faoi lán seoil, ship under sail.Úrscéal do dhéagóirí … agus do sheandéagóiri!

Ar an gcéad leabhar a bheas ar fáil do léitheoirí na Gaeilge i mbliana tá Óró le Alan Titley, úrscéal do dhéagóirí agus do sheandéagóirí.

Eachtra scleondrach corraitheach is ea Óró ina n-éalaíonn ógánach ar bord loinge go dtéann thar farraige siar go hollchríoch aineoil an óir sa tóir ar El Dorado.

Arís eile, cruthaíonn Titley a shárchumas scéalaíochta, agus cuireann cosa faoina shamhlaíocht a thugann go hoileáin rúnda sinn — áit a gcastar ollphéisteanna agus nithe nach iad orainn! Scéal é seo lán le daonnacht, drámaíocht, teannas agus gaois.

Titley na Seacht nÚrscéal

Clúdach leabhair, book coverScoláire, colúnaí, úrscéalaí, gearrscéalaí, fabhalscéalaí, file, staraí liteartha, craoltóir agus drámadóir é Alan Titley. Tá seacht n-úrscéal scríofa aige, ceithre bhailiúchán scéalta, chomh maith le drámaí agus cláir fhaisnéise. Tá sé ar dhuine de na scríbhneoirí is bisiúla atá ag scríobh in Éirinn inniu.

Ar na leabhair eile atá ar a mbealach i dtír, tá an t-úrscéal Fiche le Colm Ó Ceallacháin, úrscéal do dhéagóirí le Antain Mac Lochlainn, Éanna Corr, leabhar ar litríocht na Gaeilge le míle bliain anuas, Deoch an Tobair le Diarmuid Johnson, agus an t-úrscéal Bódailéar le Darach Ó Scolaí — chomh maith le heagrán nua de Tóraíocht Dhiarmada agus Ghráinne agus de Ar Luch agus ar Dhuine.

Is óro mhíle grá, ní fada uainn Rentré Littéraire Leabhar Breac!