Ailbhe Ní Ghearbhuigh

Ciarraíoch í Ailbhe Ní Ghearbhuigh. Tá a cuid filíochta léite aici i bPáras, i Nua Eabhrac, i Montréal agus ar an mBuailtín. Bhuaigh a dán ‘Deireadh na Feide’ Corn Uí Néill in 2012 agus roghnaíodh ‘Filleadh ar an gCathair’ mar Dhán Uachtarántacht an Aontais Eorpaigh in 2013. Bhain an dán céanna áit amach ar ghearrliosta RTÉ, ‘A Poem for Ireland’. D’fhoilsigh Coiscéim a céad chnuasach filíochta, Péacadh, in 2008 agus Tost agus Allagar in 2016. Ghnóthaigh Tost agus Allagar Duais Uí hAirtnéide in 2019. The Coast Road an teideal atá ar chnuasach dátheangach a d’fhoilsigh Gallery Press mar a bhfuil aistriúcháin le filí aitheanta an Bhéarla. D’fhoilsigh Cois Life Dánta Andrée Chedid mar chuid den tsraith ‘File ar Fhile’ in 2019. Bronnadh Duais Lawrence O’Shaughnessy uirthi in 2020. D’fhoilsigh Éabhlóid cnuasach nua léi, Tonn Teaspaigh agus Dánta Eile, mí na Samhna 2022.

Portráid
Leabhar Breac
Privacy Overview

This website uses cookies so that we can provide you with the best user experience possible. Cookie information is stored in your browser and performs functions such as recognising you when you return to our website and helping our team to understand which sections of the website you find most interesting and useful.