Antain Mac Lochlainn

Scríbhneoir agus aistritheoir ó Chúil Raithin i gContae Dhoire é Antain Mac Lochlainn. Tá dochtúireacht sa Léann Éireannach aige ó Ollscoil Uladh agus tréimhsí caite aige ag obair le Foinse, Bord na Gaeilge agus RTÉ. Tá sé anois ina eagarthóir ar an suíomh acmhainní Gaeilge, aistear.ie agus ar an áis d’fhoghlaimeoirí Céim ar Aghaidh.

Ar na saothair is deireanaí leis, tá a lámhleabhar d’fhoghlaimeoirí, Cruinneas, a threoirleabhar ar cheird an aistriúcháin, Cuir Gaeilge Air, agus a threoirleabhar eagarthóireachta, In Ord is in Eagar. Cuireadh a chéad úrscéal, Ruball an Éin,
ar ghearrliosta Dhuaiseanna Glen Dimplex 2006, agus tá cáil nach beag air mar aistritheoir liteartha.

Ar na leabhair is deireanaí leis i gcló, tá leabhar ar an bhfealsúnacht Tóraíocht na Dea-Bheatha, agus úrscéal do dhéagóirí óga, Éanna Corr.

pórtráid údair, Antain Mac Lochlainn
Leabhar Breac
Privacy Overview

This website uses cookies so that we can provide you with the best user experience possible. Cookie information is stored in your browser and performs functions such as recognising you when you return to our website and helping our team to understand which sections of the website you find most interesting and useful.