Feargal Ó Béarra

Coisfharraigeach de dhúchas Mhaigh Eo é Feargal Ó Béarra. I mBothúna, ar an Spidéal, a tógadh é agus is i nGaillimh agus sa Ghearmáin a rinne sé léann.

Bhí tréimhsí caite aige i mbun taighde is teagaisc sa Ghearmáin, san Iorua, sna Stáit Aontaithe, i gCeanada, agus in Éirinn. Is sa Bheilg a bhí sé ag cur faoi i ndeireadh a shaoil, agus é i mbun aistriúcháin i gComhairle an Aontais Eorpaigh sa Bhruiséil.

Rinne an Bearrach athchóiriú ar phéire de sheanscéalta móra na Gaeilge, Tromdhámh Guaire agus Buile Shuibhne. Bhain sé ‘Leabhar na Bliana’ 2019 amach leis An Tromdhámh, agus bhí an leabhar céanna ar ghearrliosta Ghradam na leabhar Gaeilge ‘An Post Irish Book Awards’ na bliana sin. In 2021 a foilsíodh an leabhar deireadh leis, Mé Suibhne.

“Is éachtach go deo an chomaoin a chuir sé féin ar Ghaeilgeoirí an lae inniu agus na laethanta atá le teacht leis an dá leabhar ba dhéanaí óna pheann. Sin iad An Tromdhámh (2018) agus Mé Suibhne (2021), leaganacha nuachóirithe ag Feargal de phéire seanscéal ó thús ré na Nua-Ghaeilge Moiche, iad foilsithe ina leabhartha gleoite cuidsúlacha ag an gcomhlacht Leabhar Breac.” — Máirín Ní Dhonnchadha, Léann na Teanga: An Réiviú

Tá réimse leathan leabhar Gaeilge le Feargal Ó Béarra ar fáil ónár siopa leabhar ar-líne.

Feargal Ó Béarra