Michelle O Riordan

Staraí is ea Michelle O Riordan a bhfuil go leor alt foilsithe aici ar stair na hÉireann agus ar litríocht na Gaeilge, chomh maith le dhá leabhar ar ghnéithe stairiúla d’fhilíocht na scol, The Gaelic Mind and the Collapse of the GaelicWorld (Corcaigh 1990) agus ar ghnásanna liteartha na filíochta san, Irish Bardic Poetry and Rhetorical Reality, (Corcaigh 2007).Ollamh Cúnta is ea í i Scoil an Léinn Cheiltigh, Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath.