Brian Ó Broin

Údar ildánach é Brian Ó Broin. Gaillimheach é, léachtóir, múinteoir, agus craoltóir, agus is ollamh ollscoile é in William Paterson University, Nua-Gheirsí. Tá saothair i gcló leis sa teangeolaíocht, i léann na meánaoise, agus i léann na hÉireann. Tá roinnt duaiseanna Oireachtais buaite aige as a chuid úrscéalta agus drámaí, agus cuireadh a dhráma Na hEorpaigh ar stáitse i dTaibhdhearc na Gaillimhe in 2002

Ollamh, Scríbhneoir, Craoltóir agus Gaillimheach

I Nua-Gheirsí atá cónaí air, lena bhean chéile Jo agus a n-iníonacha Ána agus Fiona, ach is minic in Éirinn iad — agus tá suim ar leith aige sa tseandálaiócht agus i stair na Meánaoise. Bhí sé ina uachtarán ar an gCumann Meiriceánach um Léann na Meánaoise agus ar choiste an Chomhdháil Mheiriceánach um Léann na hÉireann. Tá suim freisin aige i bhforbairt na Gaeilge mar theanga phobail agus teaghlaigh lasmuigh den Ghaeltacht agus d’fhoilsigh sé an leabhar Thógamar le Gaeilge Iad ar an ábhar seo in 2012.

Brian Ó Broin údar ildánach