An Dochtúir Áthas

Liam Mac Cóil

12.50

An Dochtúir Áthas: 200 lch; clúdach bog; 978-0-898332-18-5

Úrscéal sofaisticiúil, nua-aimseartha é An Dochtúir Áthas a bhaineann adhmad as cúrsaí síocanailíse, as cúrsaí bleachtaireachta, as cúrsaí grinn, agus a thugann go domhain i gcroí na hEorpa sinn. An chéad úrscéal le Liam Mac Cóil, agus an chéad leabhar Gaeilge a cuireadh ar ghearrliosta Dhuaiseanna Liteartha an Irish Times.

‘Tá galar ort nach bhfuil aon ainm air.’

Ba é mo dhochtúir féin a chuir chuige mé. “Tá galar ort,” a deir sé an lá seo, “nach bhfuil aon ainm air. Tá an Dochtúir Áthas an-sciliúil ina leithéid,” ar seisean. “Tá mé chun tú a chur chuige. Is síocanailíseoir é.” Is mar sin a thosaíonn an scéal seo; más scéal é.

‘An Saothar is Fearr a Foilsíodh i nGaeilge le Fada an Lá’

A challenging work which incorporates elements of the best detective writing, large chunks of anaysis concerning Freud and psychoanalysis… some hilarious and delightfully sharp literary and other references as well as plain good fun.—Seosamh Ó Murchú, The Irish Times

‘Seo e an saothar is fearr a foilsíodh i nGaeilge le fada an lá.’ —Gearailt Mac Eoin, 

Ceann desna húrscéalta is dea-scríofa, is difriúla, is speisiúla — in aon fhocal amháin, is fearr — a foilsíodh in Éirinn le fada an lá. Coinnítear ar bís thú ó leathanach go leathanach. —Pearse Hutchinson, RTÉ Guide

The classic Irish novel of the latter part of this century, holding its own with anything by William Trevor or John Banville. —Gearailt Mac Eoin, The Irish Times

‘Saothar láidir muiníneach’

Tá stíl an leabhair seo chomh dúshlánach sin gur éasca dearmad a dhéanamh ar ghné homaighnéasachta an leabhair. Go deimhin, ach súil ghéar a bheith ag an léitheoir, is saothar é atá báite i bpaisean homaighnéasach. Ní léir an paisean seo go dtí go dtuigtear Freud agus brú faoi chois, agus maím gurb é seo mórshaothar homaighnéasach na Gaeilge go dtí seo .,,,
Taobh amuigh den diabhlaíocht a dhéanann Mac Cóil le gnásanna an úrscéil agus cur chuige an Fhreudachais, leagann sé misean amach dó féin scéal grá a insint ar bhonn iomlán nua a chuireann timpeallacht an scéil—Éire Eorpach agus Ghaelach—ar comhchéim le timpeallacht Eorpach ar bith eile. Saothar láidir, muiníneach is ea seo a bhfuil áit tuillte aige i gcanóin liteartha na hÉireann agus na hEorpa. — An tOllamh Brian Ó Broin

Scéal an-sofaisticiúil, an-nua-aimseartha é An Dochtúir Áthas le Liam Mac Coil a bhaineann adhmad as cúrsaí síocanailíse, as cúrsaí bleachtaireachta, as cúrsaí grinn. — Brian Ó Conchubhair

Léigh alt le Brian Ó Broin ar an leabhar in Academia

Éist leis an Oll. Máirín Nic Eoin agus Eoin Mac Cárthaigh ar phodchraoladh ClubLeabhar.com

Tá an leabhar seo ar fáil ar Kindle

An Dochtúir Áthas agus leabhair eile le Liam Mac Cóil ar fáil inár siopa leabhar ar-líne.