Deirdre agus Mic Uisnigh

Colmán Ó Raghallaigh

12.00

Cló Mhaigh Eo: 44 lch; clúdach bog; ISBN 978-1-899922-52-9

“Slad agus sléacht a bheas in Uladh de bharr an linbh seo… éad gan chuimse de bharr a háilleachta… oidhe ar chlann uasal de bharr a huaibhreachta… agus creach ar Eamhain Mhacha féin… mí-ádh thú ar gach a fhéachann ort anois!” Leis na focail sin a thuar Cathfach Draoi an tragóid a leanfadh Deirdre ó lá a breithe, go dtí a bás tragóideach in Eamhain Mhacha — tragóid a thug dúinn ceann de mhórscéalta na Gaeilge, é inste go cumasach anseo dúinn ag Colmán Ó Raghallaigh. Maisithe ag Barry Reynolds agus Audrey O’Brien.