Tóraíocht Dhiarmada agus Ghráinne (clúdach bog)

Nessa Ní Shéaghdha

15.00

Tóraíocht Dhiarmada agus Ghráinne: 200 lch; clúdach bog; 978 1 909907 86 7

Tá an leabhar seo as stoc agus ní bheidh cóipeanna di ar fáil arís go dtí mí Dheireadh Fómhair. Tá an leabhar ar fáil ar Kindle.

Nuair a chuireann iníon an Ard-Rí Diarmaid ó Duibhne faoi gheasa bíonn air rogha a dhéanamh idir a onóir mar laoch agus a dhílseacht d’Fhionn agus don Fhiann.

Dá thoradh sin, teitheann an bheirt roimh dhíoltas Fhinn, cuirtear an tóir orthu, agus tugtar an léitheoir ar camchuairt trí dhomhan na fiannaíochta — domhan ina gcastar orainn Oisín, Oscar, Caoilte, Aonghas an Bhrogha, an Searbhán Lochlannach, trí rí-fhéinní Mhara nIocht agus a dtrí chú nimhe, Conán mac an Léith Luachra, agus go leor eile de mhóra agus de mhionphearsana na Féinne.

Ógfhear i ngleic dílseachta

Tour de force fiannaíochta is ea an t-ardsaothar seo ón 14ú hAois atá curtha in eagar dúinn ag Nessa Ní Shéaghdha. Tá Tóraíúocht Dhiarmada agus Ghráinne ar cheann de leabhair mhóra an traidisiúin Ghaelaigh.

“Ceann de na scéalta is mó le rá agus is taitneamhaí de scéalta na Fianaíochta is ea Tóraíocht Dhiarmada agus Ghráinne. Is é téama an scéil ná an léan a thagann de thoradh an ghrá atá ag cailín óg — atá luaite le seanfhear — d’ógfhear atá i seirbhís an tseanfhir sin, nó atá gaolmhar leis.

“Tá an t-ógfhear i ngleic dilseachta: a dhualgas dá mháistir i gcoimheascar lena ghrá don chailín; géilleann sé don ghrá, ach má ghéilleann, ní hé an sonas ach an donas a thagann dá bharr, agus is é an bás, i mbláth a mhaitheasa cinniúint duine de na leannáin.” — Nessa Ní Shéaghdha

Scothsaothar a chaitheann solas ar chúinní dorcha i gcroí an duine

“Ach oiread le haon scothshaothar ealaíne eile, caitheann an Tóraíocht a sholas féin ar na cúinní dorcha i gcroí diamhair an duine. Ní móide go n-ídeofar a bhrí go mbeidh deireadh le suim an duine sa chroí daonna.” — Dr Louis de Paor

“Na geasa a chuireann Gráinne [ar Dhiarmaid] imeacht léithi i dtús an scéil, agus na geasa athá air óna óige gan fhios dó a fhágann go bhfuil i ndán dó go bhfaighidh sé féin agus torc Bhinne Gulban bás in aon ló le chéile. Ní bhíonn aon éaló ón gcinniúint, ach dála scéal Mhic an Bheatha le Shakespeare, is í an tslí ina n-imrítear  agus ina seoltar eachtra an scéil ósna geasa tosaigh go dtís na geasa deiridh — Diarmuid ag brostú leis agus, gan fhios dó, an baol is measa roimhe seachas ina dhiaidh – is ansan athá an ardealaín, agus sin í an chúis go mbíonn agus gur cheart go mbeadh tóir agus tóraíocht ar scéal so na Tóraíochta i gcónaí. — An tOllamh Pádraig Ó Macháin, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh.

Léigh sliocht as an leabhar