0 Earra

I nDeireadh Fomhair na bliana seo a fheolseoidh Cumann Léann na Litríochta an seachtú hiimleabhar den iris scolártha Léann. Ar na hábhair atá faoi chaibidil san eagránb seo tá Franz Kafka agus Máirtín Ó Cadhain, nathanna na Gaeilge, saothar Phádraig Uí Chíobháin, dán adhmholta ón 15ú haois d’Éinrí Ó Néill, agus feidhmeannach agus biataigh Thír Eoghain sa 16ú haois.

Portráid d'údar, portrait of authorIs é an príomhchuspóir atá ag Cumann Léann na Litríochta plé a spreagadh ar stair, ar chúlra, agus ar chritic litríocht na Gaeilge (idir shean agus nua) is ar réimsí gaolmhara: an béaloideas, an amhránaíocht agus araile. Agus ar an saothar taighde atá in Léann 7, iris an chumainn, tá aistí a bhaineann le gnéithe éagsúla de litríocht na nGael.

Franz Kafka agus eochair na teanga

Tá an gaol idir ‘An Eochair’ le Máirtín Ó Cadhain agus saothar Franz Kafka le brath ón abairt tosaigh sa ngearrscéal sin, a áitíonn Radvan Markus orainn in aiste thosaí ana hirise seo. Tá an chiall mhalartach ‘Glas’ leis an bhfocal ‘schloss’ a deir sé linn, rud a thabharfadh le fios gur tagairt indíreach d’úrscéal Kafka Der Schloss é teideal an scéil

Dar le Markus, chreid an Cadhnach “i ndúshraith neamhfhoirméalta raibiléiseach na teanga agus is minic a d’úsáid sé í chun neamhéifeacht agus postúlacht na n-údarás a ionsaí. In ainneoin ghruaim ‘An Eochair’, is féidir dóchas agus sprid cheannairce a aimsiú in éagsúlacht na teanga sa scéal. Níor éirigh leis an suirbhéir talún K. teacht isteach sa ‘Schloss’ [caisleán] de bharr daingne agus áiféis an chórais, agus ar na cúiseanna céanna, níor osclaíodh ‘Schloss’ [glas] oifig J. in am. Ach is féidir le teanga shaor, atá éagsúil inti féin, teacht isteach i ‘Schlossanna’ de gach chineál, iad a bhriseadh agus a oscailt.”

Portráid, portraitNathanna na Gaeilge agus saoirse na mban

Tugann Katie Ní Loingsigh forléargas dúinn ar an nasc idir cúrsaí cultúir agus nathanna i nGaeilge faoi scáth na frásaíochta — réimse teangeolaíochta nár tháinig chun cinn mar réimse taighde aitheanta go dtí tús na 1980aidí, agus díríonn sí ár n-aird ar an tábhacht chumarsáide a bhaineann leis an bhfrásaíocht agus leis an teanga fhoirmleach, ní hamháin sa chaoi a gcaomhnaítear eolas cultúrtha na teanga inti, ach sa chaoi a n-aithníonn duine é féin mar bhall de phobal ar leith nuair a bhaintear leas as frásaí coinbhinsiúnacha nó as an teanga fhoirmleach.

Ina aiste siúd, tugan Peter Weakliam aghaidh ar ghné amháin de shaothar Phádraig Uí Chíobháin, mar atá an plé a dhéanann an t- údar ar shaoirse na mban. Tugann sé aghaidh ar scoláirí a cháineann an léiriú a dhéanann an Cíobhánach ar shaol na mban mar léiriú aontoiseach, agus áitíonn sé orainn  go dtugann Ó Cíobháin cuntas cruinn caolchúiseach dúinn ar chuid de na rudaí a chuireann srian le saoirse na mban, agus go deimhin gur scríbhneoir feimineach é an Cíobhánach, a bhfuil sé mar aidhm aige ár n-aird a tharraingt ar an leithcheal a dhéantar ar na mná sa saol réadúil.

Filí, feidhmeannaigh, agus biataigh

Dán a cumadh in ónóir d’Éinrí Ó Néill atá faoi chaibidil ag Gordan Ó Riain mar aon le dán eile a bhfuil baint aige lena chúlra. Dar leis, tá léiriú sa dán ar ghné de stair pholaitiúil Chúige Uladh sa 15ú haois agus ar imeachtaí i saol Éinrí Uí Néill, agus léiriú freisin ar stair shóisialta na tíre i ngeall ar na tuiscintí atá le baint as an dán seo faoi ghnéithe den chaidreamh idir filí agus pátrúin.

Ina aiste siúd ar an bhfeidhmeannach Pádraig Óg Ó Maolchraoibhe, tugann Darach Ó Scolaí léargas dúinn ar dhuine uasal pribhléidithe a bhain le teaghlach a bhí, dar leis, ina mbiataigh d’Ó Néill i ndúiche Dhún Gheanainn le cúpla céad bliain, agus a raibh déileáil ar son Uí Néill le Gaeil is Gaill aige (tráth dá raibh plé ar bun go leanúnach idir an tiarna sin agus Rí Shasana),