Ar na bacáin, tá dhá phictiúrleabhar do dhaoine fásta le Darach Ó Scolai agus an t-ealaíontoir Alé Mercado: Sadhbh agus Eoghan Béal. Leabhair iad a insíonn dhá sheanscéal ón meánaois, scéal Shadhbha as Ceasacht iníon Ghuile agus scéal Eoghain Bhéil as Cathréim Cheallaigh agus Leabhar na hUachongbhála.

Eoghan Béal: scéal uafáis

Baineann scéal Eoghain Bhéil le rí ar Chonnachta a d’ordaigh, ar leaba a bháis dó, go gcuirfí ina sheasamh sa talamh é, a aghaidh leis na hUltaigh agus a shleá ina láimh — agus na huafáis a leanann an adhlacadh sin: marú easpaig, céasadh ceathrar manach agus sléacht bhainise.

Sadhb: scéal raibiléiseach grinn

Scéal de chineál eile ar fad é Sadhbh, scéal raibiléiseach grinn a dhéanann cur síos ar an gcaoi a bhfaigheann an bhean óg an ceann is fearr ar an seanrí críonna, agus ar na fir a dhéanfadh beag di.

pictiúr as leabhar, súil i gcrann.Alé Mercado, ealaíontóir an iontais

As Granada na Spáinne don ealaíontóir Alé Mercado. Is mar innealtóir a shaothraigh sé chuid nó gur ghéill sé dá phaisean mór sa saol, an ealaín agus an líníocht. Cleachtann sé stíl atá dorcha, láidir, agus fréamhaithe i dtraidisiún an chló — agus, ní hiontas, tá duaiseanna go leor buaite aige. Ón mbliain 2003, is in Inis Tíog, láimh le Cill Chainnigh, atá cónaí air lena bhean, Siobhán, agus a gclann.

Pictiúrleabhair do léitheoirí fásta

Cé gur coincheap nua ag Leabhar Breac é, is rud é an pictiúrleabhar do léitheoirí fásta atá á dhéanamh le fada i nGaeilge agus i dteangacha eile. Tá Scéalaíocht na Ríthe ann le Tomás Ó Floinn agus Proinsias Mac Canna agus, le deireanas, The Arrival le Shaun Tan, A Cloud where the Birds Rise le Michael Harding, agus go leor eile.

Ó thaobh Leabhar Breac de, tionscnamh é seo a d’eascair as an bhfadhb a bhaineann le seanscéalta ár dtíre a chur ar fáil do léitheoirí ár linne. Ar an mórghóir, ní bhíonn sna seanscéalta ach idir trí mhile agus sé mhíle focal — rud a chiallaíonn gur deacair ábhar gnáthleabhair chlóite a bhaint astu (isceacht is ea Tá Bó Cuailnge agus dornán beag eile mar í). Mar réiteach air seo, shocraigh Leabhar Breac ealaíontóirí a choimisiúnú le hoibriú i bpáirt le scríbhneoirí le pictiúrleabhair a chruthú a mbeadh os cionn 64 leathanach iontu — díol leabhair.

illustration © Alé Mercado 2025

Leabhair eile ar na bacáin

Cheana féin, tá Deirdre agus Bláthnaid curtha ar fáil ag an scribhneoir Darach Ó Scolaí agus an t-ealaíóntóir Anastasia Melnykova. Ar na bacáin, tá Liadain leis an bhfile Ailbhe Ní Ghearbhuigh agus an t-ealaíontóir Chrissie Dervin agus Mise Gráinne (athinsint ar an Tóraíócht) leis an bhfile Louis de Paor agus an t-ealaíontóir Rita Duffy.

Comhthreomhar leis sin, tá dhá phictiúrleabhar do léitheoirí fásta nach seanscéalta ar chor ar bith iad ach scéalta úrnua, Ceas an Chait le Labhrás Ó Finneadha agus an t-ealaíontóir Aodh Mac Lochlainn, agus Sean-Dearc le Seán Mac Mathúna agus an t-ealaíontóir céanna.

 

 

 

 

Leabhar Breac
Privacy Overview

This website uses cookies so that we can provide you with the best user experience possible. Cookie information is stored in your browser and performs functions such as recognising you when you return to our website and helping our team to understand which sections of the website you find most interesting and useful.