1 Item

Conamara agus Tíortha Eile

Diarmuid Johnson

18.00

Conamara agus Tíortha Eile:  152 lch; crua; ISBN: 9781913814755

Ar fáil: Bealtaine 2025

Dánta i sé cinn de theangacha

Idir 2015 agus 2025 a cumadh an fhilíocht atá sa díolaim seo. Tá dánta inti i sé cinn de theangacha. Is tír ar leith gach teanga de na sé theanga sin, tíortha a bhíonn an file a shiúl agus a thaithí.

Bíobla mór na farraige

Is é Conamara idir thuaidh agus theas tír na Gaeilge san atlas pearsanta fileata seo. Is tír í féin a bhfuil bíobla mór na farraige le síorléamh ann, tír a mbíonn an spéir mhór ilscáfar tobargheal ag síorthál míle solas ann. Thar aon ní eile, is í tír na Gaeltachta í.

An file ar a fhánaíocht

“Fiaire feá é Johnson a bhfuil de phribhléid againne seal a chaitheamh ina fhochair ar a fhánaíocht dó.” — Darragh Ó Caoimh, Breac

Scríbhneoir, file, ceoltóir, scoláire, aistritheoir agus iriseoir é Diarmuid Johnson. Tá cuid mhór dá shaol caite aige sa Bhriotáin, sa Ghearmáin, sa Pholainn agus sa Bhreatain Bheag, agus tá cur síos ar chuid d’imeachtaí na mblianta sin sa leabhar Seacht dTír Seacht dTeanga (2021).

Diarmuid Johnson is a well-known figure in literary and musical circles in Ireland and abroad. In Conamara agus Tíortha Eile (Connemara and Other Countries), his eighth collection of poems, he takes us on lyrical odyssey through Ireland, Wales and much of western Europe, weaving together in a unique work the experiences of a monumental decade of discovery and revelation.

Leabhar Breac
Privacy Overview

This website uses cookies so that we can provide you with the best user experience possible. Cookie information is stored in your browser and performs functions such as recognising you when you return to our website and helping our team to understand which sections of the website you find most interesting and useful.