Your cart is currently empty!
Liadain
Liadain: 64 lch, clúdach crua; ISBN 978-1-913814-85-4
Ar fáil: Nollaig 2025
Anáil na beatha curtha sa tSean-Ghaeilge
Saothar úrnua a d’eascair as seansaothar ón naoú haois, Comrac Liadaine ocus Cuirithir, is ea Liadain, seanscéal a bhfuil anáil na beatha curtha ann ag an bhfile Ailbhe Ní Ghearbhuigh. I gcruth pictiúrleabhair i gcomhar leis an ealaíontóir Corcaíoch Chrissie Dervin a thagann an saothar seo chugainn.
Banfhile na meánaoise á aithris dúinn ag banfhile ár linne féin.
Saothar suaithinseach agus ócáid liteartha ar leith is ea Liadain, saothar a chuireann inár láthair scéal bhanfhile na meánaoise agus é á aithris dúinn ag banfhile mór ár linne féin.
Ciarraíoch í Ailbhe Ní Ghearbhuigh. Tá a cuid filíochta léite aici i bPáras, i Nua Eabhrac, i Montréal agus ar an mBuailtín. Bhuaigh a dán ‘Deireadh na Feide’ Corn Uí Néill in 2012 agus roghnaíodh ‘Filleadh ar an gCathair’ mar Dhán Uachtarántacht an Aontais Eorpaigh in 2013. Bhain an dán céanna áit amach ar ghearrliosta RTÉ, ‘A Poem for Ireland’. D’fhoilsigh Coiscéim a céad chnuasach filíochta, Péacadh, in 2008 agus Tost agus Allagar in 2016. Ghnóthaigh Tost agus Allagar Duais Uí hAirtnéide in 2019. The Coast Road an teideal atá ar chnuasach dátheangach a d’fhoilsigh Gallery Press mar a bhfuil aistriúcháin le filí aitheanta an Bhéarla. D’fhoilsigh Cois Life Dánta Andrée Chedid mar chuid den tsraith ‘File ar Fhile’ in 2019. Bronnadh Duais Lawrence O’Shaughnessy uirthi in 2020. D’fhoilsigh Éabhlóid cnuasach nua léi, Tonn Teaspaigh agus Dánta Eile, mí na Samhna 2022.
Leabhair eile a thaitneodh leat?
-
Éadaoin
Diarmuid Johnson€16.00Is é scéal Éadaoine scéal mór grá na Sean-Ghaeilge, scéal nár mhair ach ina bhlúirí, blúirí i Leabhar na hUidhre, blúirí i Leabhar Buí Leacan. Tá an t-ábhar...
Cuir sa Chiseán -
Amhráin Amhairgin
Máire Mhac an tSaoi€18.00Amhráin Amhairgin: Don té a bheadh ag iarraidh dul amach ar shaothar Mháire Mhac an tSaoi, tá fianaise bhreise sa leabhar seo ar an acmhainn diamhair teangan agus...
Cuir sa Chiseán -
Múinídh dom Glao
Michelle O Riordan€15.00Tá aithne forleathan ar an údar seo mar shaineolaí ar fhilíocht na mbard ón Nua-Ghaeilge Mhoch anall, go háirithe mar gheall ar an staidéar atá déanta aici ar...
Cuir sa Chiseán -
Sadhbh
Darach Ó ScolaíTá Sadhbh ar cheann de na scéalta is breáithe atá againn ón tseanlitríocht. Athinsint atá sa phictiúrleabhar seo do léitheoirí fásta ar an seanscéal Ceasacht Iníon Ghuile, scéal...
Léigh tuilleadh