Your cart is currently empty!
Deirdre
€18.00
Deirdre: 64 lch; clúdach crua; 978-1-913814-30-4
LE RÉAMHORDÚ AR LASCAINE SPEISIALTA: AR FÁIL AR AN 22 MEÁN FÓMHAIR 2023
Tá Deirdre agus Clann Uisnigh ar cheann de mhórscéalta na nGael. I Leabhar na hUidhre agus i Leabhar na Nua-Chongbhála atá na leaganacha is sine de, agus bailíodh leaganacha eile in Éirinn agus in Albain ó shin.
Éalú ó Dhíoltas Chonchúir
Scéal é atá á scríobh is á athscríobh le hos cionn mile bliain, agus atá á insint ar leac an teallaigh fós sa lá atá inniu ann. Ar na príomhleaganacha den scéal tá Loingeas Mhac Uisnigh, Oidhe Chlann Uisnigh agus Imeacht Chlann Uisnigh.
Baineann an scéal leis an Rúraíocht, agus le réamhscéalta na Tána go sonrach. Is ann a déantar cur síos ar éalú na hógmhná, Deirdre, ó Chonchúr mac Neasa go hAlbain i gcuideachta Naoise mhic Uisnigh, agus ar dhíoltas Chonchúir — gníomh ba chúis leis an deighilt a bhí i measc na nUltach le linn Táin Bó Cuailgne.
Gile an tSneachta, Duibhe an Fhéich, agus Deirge na Fola
Is beag Gael inniu nár chuala trácht ar chur síos Dheirdre ar Naoise — gile an tsneachta ar a chneas, duibhe an fhéich ar a fholt, agus deirge na fola ar a ghrua — ná ar fhilleadh Chlann Uisnigh as Albain lena gcur chun báis in Eamhain Mhacha.
Is ar an leagan is sine den scéal, Loingeas Mhac Uisnigh, a bhunaigh Darach Ó Scolaí an leagan nua seo. Is í Anastasia Melnykova a rinne an obair ealaíne.
Ealaín Álainn Anastasia Melnykova
Ó bhí sí ina páiste, tá Anastasia Melnykova, tumtha i saol na healaíne. Bhain sí céim amach ó Acadamh Náisiúnta na Mínealaíne agus na hAiltireachta san Úcráin sa bhliain 2013, tar éis di staidéar a dhéanamh ar ghrafaicí agus ar eitseáil, agus is ag iarraidh a stíl a fhorbairt atá sí ó shin.
Mar theicníc, oibríonn sí go príomha le heitseáil dhaite, uiscedhath, dúch ar pháipéar, agus peann luaidhe. Oibríonn sí ar shaothair éagsúla ghrafaice, agus go háirithe ar leabharshuaitheantais a chruthaíonn sí do bhailitheoirí ar fud an domhain. Bíonn sí rannpháirteach i gcomórtais idirnáisiúnta agus tá duaiseanna go leor buaite aici. Ó mhí an Mheithimh 2022, is in Éirinn atá sí ag cur fúithi agus ag obair.
Féach an t-eagrán do léitheopirí óga le Colmán Ó Raghallaigh
Leabhair eile a thaitneodh leat?
-
An Tóraíocht
Colmán Ó Raghallaigh€12.00Tá an grá agus and t-éad fite ina chéile sa scéal tragóideach seo ina chuireann an banphrionsa álainn Gráinne an laoch mór Diarmaid faoi gheasa í a bhreith...
Cuir sa Chiseán -
An Tromdhámh
Feargal Ó Béarra€16.00An Tromdhámh: Cuairt a thug Seanchán Ollamh agus a chuideachta ar an rí, agus saint is síor-éilimh na cuideachta ainmheasartha sin — idir fhilí, cheoltóirí, bhantracht is ghiollaí...
Cuir sa Chiseán -
An Táin
Colmán Ó Raghallaigh€12.00Seo insint úr bhríomhar ar an scéal is iomráití i dteanga na hÉireann, scéal a áirítear ar cheann de mhórscéalta an domhain, Táin Bó Cuailgne. Tá uaisleacht, crógacht...
Cuir sa Chiseán -
Feis Tigh Chonáin
Darach Ó Scolaí€16.00Feis Tigh Chonáin: Nua-insint ar scéal Fiannaíochta a cumadh sa 15ú haois. Nuair a théann Fionn mac Cumhaill agus Diorraing amú i ndorchadas na coille castar i dteach...
Cuir sa Chiseán