Éadaoin

Diarmuid Johnson

16.00

Éadaoin; 136 lch; clúdach crua;  978-1-909907-68-3

Is é scéal Éadaoine scéal mór grá na Sean-Ghaeilge, scéal nár mhair ach ina bhlúirí, blúirí i Leabhar na hUidhre, blúirí i Leabhar Buí Leacan. Tá an t-ábhar sin ar fad fite in aon scéal amháin ag Diarmuid Johnson — na bearnaí líonta, agus feoil curtha ar na cnámha —ionas gur sean-eipic nua atá againn atá inchurtha le scéal Héilin na Traí, nó le scéal Tristan agus Íosóid.

Bean de Shliocht Éanlaith an tSí

Bean de shliocht éanlaith an tsí í Éadaoin. Í seal i measc na neamhbhuan abhus, seal i measc na mbuan i mBrí Léith. Is í ba bhanchéile d’Eochaidh Rí na Teamhrach. Ach is do Mhidhir a thug sí grá a croí, do Mhidhir an tsí, Midhir Bhrí Léith, Midhir na háille agus na mbriathra meala.

Éad agus Gangaid

Ach cén t-iontas an t-ainm ‘Éadaoin’ uirthi? Bhí bean eile in éad léi: Fuamnach, an chéad bhanchéile a bhí ag Midhir. Fuamnach na draíochta, Fuamnach na gangaide: le trí bhuille dá slaitín caorthainn, rinne sí féileacán d’Éadaoin gur dhíbir thar teorainn agus thar toinn í go ceann cian aimsire.

Uaigneas na mban is ábhar don scéal seo. Uaigneas mná a fágadh gan cheachtar den bheirt a bhí luaite léi, céile ná leannán. Agus ós de shliocht na mbuan an bhean sin, is buan síoraí an t-uaigneas atá le fulaingt aici. Seanscéal faoi chulaith nua, seantéama comhaimseartha, scéal téagartha tragóideach faoi sheacht snaidhm na seirce.

Scéalta Bunaidh na hÉireann

Te sna sála ar dhá eipic eile a thagann an scéal seo. In 2017 a foilsíodh Conaire Mór, leabhar a dhéanann athinsint ar an seanscéal Togail Bruidne Da Derga. In 2018 foilsíodh Tuatha Dé Danann, leabhar a rianann gabháil na hÉireann sula dtáinig na Gaeil ar an bhfód.

Le foilsiú Éadaoin dúntar an fáinne fí seo tá údar ceiliúrtha againn: trí sheoidleabhar ar scéal bunaidh na hÉireann.

Prós Fuinte agus Fíochán Fileata

Nuacheapadóireacht ar sheantéama atá sa gcóiriú seo de scéal Éadaoine, mórscéal grá ó aimsir na Sean-Ghaeilge a bhfuil mantanna móra ag baint lena sheachadadh. A bhuíochas do phrós fuinte agus fíochán fileata Dhiarmuid Johnson, tá reacaireacht ealaíonta leanúnach curtha ar fáil do léitheoirí an lae inniu. Fágann an chumadóireacht chúramach, an fhorbairt a dhéantar ar théamaí agus an laoi filíochta ‘Mé Éadaoin’ gur saothar ealaíne ina cháilíocht féin é an foilseachán seo: ‘Mé Éadaoin, is sean mo dhán, chéasas rí, charas leannán.’— Dónall Ó Braonáin, Tuairisc.ie

Domhan Draíochtúil na Scéalaíochta

Tá an leagan nua an-dílis d’éirim agus do shonraí an bhunsaothair ach cuirtear an t-ábhar ar fáil ar bhealach atá iontach mealltach do léitheoir an lae inniu. Saothraítear mianach liriciúil na teanga trí ruthaig rithimiúla, trí úsáid éifeachtach na huaime agus na fuaimfhoclaíochta agus tríd an athrá ar abairtí agus ar aonaid uamacha.

“Tagtar i dtír ar phictiúrthacht an bhunsaothair; athchruthaítear cruth agus uigeacht éadaí, ornáidí agus áirnéisí; agus cuirtear daoine agus ainmhithe agus timpeallachtaí fisiciúla de chineálacha éagsúla i láthair ina steillbheatha. Thar aon rud eile, éiríonn leis an saothar ealaíonta seo an léitheoir a mhealladh isteach in ndomhan draíochtúil na seanscéalaíochta.” — Máirín Nic Eoin, Comhar

Téann go Smior in Acmhainní Bisiúla na Teanga

“Seoidleabhar eile Diarmuid Johnson sa tsraith d’athinsintí as an traidisiún scéalaíochta. … Tá an daonnacht, idir ghrá, uaigneas agus éad, an leochaileacht agus an osnádúrthacht gob ar ghob le chéile agus an t-iomlán faoi bhrat na filiteachta agus na gontachta stíle sin ar saintréith den litríocht dúchais í.” — Seosamh Ó Murchú, Comhar

Sárleabhar…. Fágann prós luaineach preabach an údair an léitheoir faoi gheasa ag scríbhneoireacht a théann go smior in acmhainní bisiúla na teanga….  Níl sárú le fáil ar an gcur i láthair in Éadaoin d’uaigneas buan an neach daonna, cráite le meanmarc na síoraíochta.

“Tá trí leabhar na sraithe seo mar ardphointí i bhfoilseacháin na Gaeilge le roinnt blianta anuas agus tá Johnson agus Leabhar Breac le moladh astu.” — Dubhán Ó Longáin, Feasta

Léigh sliocht as Éadaoin

Léigh léirmheas ar Nós