1 Item

Ré na bhFathach

Colm Ó Ceallacháin

15.00

Ré na bhFathach; 136 lch; clúdach bog; 978-1-913814-12-0

Gearrliosta An Post Irish Book Awards

Cnuasach é seo a chaitheann súil ar chruachás an duine agus é i ngleic le fírinní éagsúla an tsaoil — agus leis na bréaga. Ón am i láthair go dtí an t-am atá caite — agus fiú go haimsir chaite nach raibh riamh ann — tugtar sinn ar cuairt na cruinne, camchuairt a thosaíonn “ar an bhfichiú hoileán is mó ar domhan”, tír aineoil a n-aithneoidh an léitheoir go maith í, fiú faoi chló nua.

Gearrliosta Ghradam Uí Shúilleabháin

Is i gCorcaigh atá cónaí ar Cholm Ó Ceallacháin. In 2017 a foilsíodh a chéad chnuasach gearrscéalta, I dTír Mhilis na mBeo — saothar a bhain áit amach ar ghearrliosta Ghradam Uí Shúilleabháin na bliana sin. Tá duaiseanna Oireachtais buaite aige, chomh maith le dámhachtainí ón gComhairle Ealaíon. Is é Ré na bhFathach an dara cnuasach óna pheann.

An Daonnacht go Smior

“Tá gach scéal anseo go hiontach agus tá an daonnacht go smior agus go fial sna scéalta. Tá úire, samhlaíocht agus slacht as an ngnách ag baint leis an insint agus leis na plotaí. Is amhlaidh go gcuireann na scéalta le bríonna a chéile mar aonad ealaíne, agus téamaí agus cúlraí ag freagairt dá chéile. Ina dhiaidh sin, is geall le míorúilt éagsúlacht an ábhair agus éagsúlacht na gcúlraí sna scéalta, cé go bhfuil snáithe ceangail ann chomh maith, an pholaitíocht go háirithe.” — Dr Róisín Ní Ghairbhí

Sraith Scéalta le Moladh go hArd na Spéire

“Tá an bua annamh sin ag Ó Ceallacháin go gcuireann an scríbhneoir carachtair in aithne duit mar léitheoir ach go gcuireann an léitheoir aithne orthu mar dhaoine. Aithníonn muid an fhuil agus an fheoil atá ceilte sna focail agus sa dúch … tá sé dochreidte gur éirigh leis an údar an saol a chur bunoscionn agus droim ar ais agus an saol mór iontach comhaimseartha Eorpach a chuir romhainn i nGaeilge. Sraith scéalta atá le moladh go hard na spéire agus í curtha ar fáil go slachtmhar ag Leabhar Breac mar is dual.” — Pól Ó Muirí, Tuairisc.ie

“Is iontach an scríbhneoir é. Tá saibhreas agus deisbhéalacht ag baint leis an leabhar. Is saothar litríochta atá i gceist anseo … Cuireann sé ag machnamh thú, comhartha dea-litríochta é sin.”  — Muiris Ó Raghallaigh, clubleabhar.ie

“Ar a laghad a deich as a deich.” — Jody Buckley-Coogan, clubleabhar.ie

“Ní fhéadfainn scaoileadh leis an leabhar, theastaigh uaim é a léamh ó chlúdach go clúdach.” — Tristan Rosenstock, Raidió na Gaeltachta

“Déanann Colm Ó Ceallacháin an domhan a bhfuil cur amach againn air a iompú bunoscionn.” — Áine Ní Ghlinn, Mír na Leabhar, Raidió na Gaeltachta

“Tá an scéal [‘Leiviatan’] ina sheoid amach is amach. Déarfá gur scéal dorcha atá ann, ach tá greann ann ina dhiaidh sin, agus is ealaíonta an scríbhneoir a dtiocfaidh leis an dá thrá sin a fhreastal san aon scéal amháin.” — Antain Mac Lochlainn, Oireachtas na Samhna 2022

“As with many of the stories, there is light and shade, social realism and personal tragedy, sexual awakening and an uncertain future.” — cathal Poirtéir, Books Ireland.

Léigh Colm Ó Ceallacháin ar Tuairisc.ie

Léigh an léirmheas ar Books Ireland

Agallamh an údair le Siún Ní Dhuinn, RTÉ

Léirmheas Phóil Uí Mhuirí ar Tuairisc.ie

Agallamh ag Muiris Ó Raghallaigh agus Jody Buckley-Coogon ar Clubleabhar.ie

Agallamh le Áine Ní Ghlinn ar Tús Áite, RTÉ Raidió na Gaeltachta