1 Item

Tóraíocht na Dea-Bheatha

Antain Mac Lochlainn

16.00

Tóraíocht na Dea-Bheatha; 232 lch; clúdach bog;  978-1-913814-16-8

‘Conas is fearr do dhaoine a saol a chaitheamh?’ Sin an cheist fealsúnachta is sine agus is práinní dá bhfuil ann. Is mian le gach duine saol maith a chaitheamh, ach cad é go díreach atá i gceist leis sin agus conas is féidir é a dhéanamh?

Arastatal agus Socraitéas

Sa leabhar beag fealsúnachta seo, faighimid comhairle ó chuid de na fealsaimh is clúití de chuid na Sean-Ghréige agus na Róimhe. Castar orainn Soinicithe scannalacha, Stóigh stuama agus Eipiciúraigh a mhol do dhaoine an saol a ghlacadh go breá réidh. Cuirfimid eolas ar Arastatal agus a ‘mheán órga’ agus ar theagasc Shócraitéas, ‘rí na bhfealsamh.’

Smaointeoirí Ársa i gComhthéacs ár Linne Féin

Pléitear comhairle na seanfhealsamh i gcomhthéacs ár linne féin. An féidir leis na smaointeoirí ársa seo muid a threorú i dtreo na dea-bheatha?

Scríbhneoir agus aistritheoir ó Chúil Raithin i gContae Dhoire é Antain Mac Lochlainn. Tá dochtúireacht sa Léann Éireannach aige ó Ollscoil Uladh agus tréimhsí caite aige ag obair le Foinse, Bord na Gaeilge agus RTÉ. Tá sé anois ina eagarthóir ar an suíomh acmhainní Gaeilge, www.aistear.ie.

Ar na saothair is deireanaí leis, tá a lámhleabhar d’fhoghlaimeoirí, Cruinneas, a threoirleabhar ar cheird an aistriúcháin, Cuir Gaeilge Air, agus a threoirleabhar eagarthóireachta, In Ord is in Eagar. Cuireadh a chéad úrscéal, Ruball an Éin, ar ghearrliosta Dhuaiseanna Glen Dimplex 2006, agus tá cáil nach beag air mar aistritheoir liteartha. Is í Tóraiocht na Dea-Bheatha a chéad leabhar ar an ábhar seo.

“Treoirleabhar Bialann”

“Tá Antain Mac Lochlainn imithe go dtí an tobar ag tóraíocht an fhíorbhraoin dá leabhar nua agus ní fhéadfá cuimhneamh ar dhuine níos fearr chun tabhairt faoi Ghaeilge a chur ar chomhairle na seanfhealsúna. Aistritheoir agus scríbhneoir fíorchumasach agus an-ghéarchúiseach é fear Dhoire agus is féidir talamh slán a dhéanamh de gur prós nádúrtha líofa gléineach atá romhainn.
Dream iad na seansaoithe a thuig go rímhaith an tábhacht a bhain le féith an ghrinn a bheith ag duine agus é ag broic leis an saol agus féith í atá go smior i Mac Lochlainn. Dúirt sé ar Twitter an tseachtain seo go raibh eagla air go mbainfeadh muintir an iarthair míbhrí as teideal a leabhair nua agus go gceapfaidís gur treoirleabhar bialann é.” — Seán Tadhg Ó Gairbhí, Tuairisc.ie

A Personal Engagement, Sometimes Sceptical or Humorous

“The author was on his own quest to find out how the ancient teachings might help him towards a life well-lived. That personal engagement, sometimes sceptical or humorous, was helpful in allowing me to feel that I was on a similar journey—rather than being preached at by a proponent of a particular philosophy. This allowed me have my own engagement with the philosophies I was being presented with. This book opens up ancient philosophy to the reader in a way that I hadn’t expected but was grateful to find.”—  Cathal Poirtéir, Books Ireland

Léigh léirmheas Sheáin Taidhg Uí Ghairbhí ar Tuairisc.ie

Léigh an léirmheas ar Books Ireland