Your cart is currently empty!
Díolaim Próis 1450-1850
€18.00
Díolaim Próis 1450-1850; 200 lch; clúdach crua; 978-1-913814-04-5
Sleachta as prós-scríbhneoireacht na Gaeilge sa ré 1450-1850 (faoi litriú na haoise seo) atá sa chnuasach breá seo le hAnraí Mac Giolla Chomhaill — maille le nóta beathaisnéise leis an Oll. Malachy Ó Néill.
Spiorad Raibiléiseach agus Rómánsúil
I bhfocail an eagarthóra, “tá teannas agus dáiríre thar an choitiantacht ag baint leis an chuid is mó de na téacsanna, go speisialta leis an saothar cráifeach. Is minic gruaim ar na húdair, cionn is go bhfuil an náisiún Gaelach agus an teanga ag meath. Ach os a choinne sin, tá spiorad raibiléiseach na dtéacsanna aoracha againn, agus spiorad rómánsúil na meánaoiseanna sna leabhair a cumadh faoi thionchar litríocht na Mór-Roinne; agus tá sárstílithe ar nós Chéitinn agus Mhic Aingil ar mór an pléisiúr dúinn go fóill a bprós glinn beacht a léamh.” In 1971 a foilsíodh an chéad eagrán, agus beidh an-áthas ar léitheoirí an leabhar a fheiceáil i gcló arís.
Scoláire a d’Fhág Saothar Ollmhór ina Dhiaidh
“Rinne Anraí Mac Giolla Chomhaill, an scoláire Gaeilge as Doire a bhásaigh le déanaí, obair iontach le linn a shaoil ar son na Gaeilge agus ar son lucht foghlama na teanga go háirithe. Saothar ollmhór ilghnéitheach a bhí ina shaothar a raibh tionchar nach beag aige ar phobal Gaeilge a linne féin agus ar na glúnta Gaeilgeoirí a thiocfas inár ndiaidh.” — Malachy Ó Néill, Tuairisc Léigh cuntas ar an údar ar Tuairisc
Leabhair eile a thaitneodh leat?
-
An Tromdhámh
Feargal Ó Béarra€16.00An Tromdhámh: Cuairt a thug Seanchán Ollamh agus a chuideachta ar an rí, agus saint is síor-éilimh na cuideachta ainmheasartha sin — idir fhilí, cheoltóirí, bhantracht is ghiollaí...
Cuir sa Chiseán -
Seacht dTír Seacht dTeanga
Diarmuid Johnson€15.00Seacht dTír Seacht dTeanga: leabhar taistil, leabhar teangacha, leabhar amhrán agus ceoil, leabhar ilghnéitheach bríomhar faoi dhaoine a casadh don údar ar a sheachrán dó ar fud na...
Cuir sa Chiseán -
Múinídh dom Glao
Michelle O Riordan€15.00Tá aithne forleathan ar an údar seo mar shaineolaí ar fhilíocht na mbard ón Nua-Ghaeilge Mhoch anall, go háirithe mar gheall ar an staidéar atá déanta aici ar...
Cuir sa Chiseán -
Cérbh í Meg Russell?
Máire Mhac an tSaoi€15.00A view of the life and times of Pearse Ferriter, and especially the part played by Richard Boyle, the Earl of Cork. A new work by one of...
Cuir sa Chiseán