Your cart is currently empty!
Beartas Úr na nGael
€16.00
112 lch; clúdach bog; ISBN: 9781911363002
Diagnóis bhríomhar agus prognóis dhearfach ar cheist na nGael atá sa leabhar seo. Cuirtear beartais úra, thacúla agus phraiticiúla chun cinn do phobal na féiniúlachta Gaeilge. Is í aidhm na n-aistí sa leabhar seo moltaí forásacha a chur i láthair le cumas a thabhairt do Ghaeil ina ndúshláin chomhaimseartha agus le díospóireacht bhisiúil a chothú ina leith.
Tabharfaidh sin misneach agus dóchas dóibh siúd ar mór acu an Gaelachas agus tacóidh moltaí an fhoilseacháin leis na pobail ar mian leo brí a thabhairt don fhéiniúlacht seo. Féachann an anailís úr seo le héalú as an dioscúrsachas ciorclach, trí mheán cruthaitheacht straitéiseach i leith thosca casta comhaimseartha na nGael agus na nÉireannach.
Leabhair eile a thaitneodh leat?
-
An Chaora Ghlas
Ailbhe Nic Giolla Chomhaill€15.00s ceantar tuaithe iargúlta é Seanadh Farracháin agus, dála Ghaeltachtaí eile na tíre, bhí an scéalaíocht agus an traidisiún béil i gcoitinne láidir ann leis na cianta. Trí...
Cuir sa Chiseán -
Fonn a Níos Fiach
Pádraig Ua Maoileoin€16.00'Fonn a níos fiach' a deir an seanfhocal, agus nuair a bhualann an t-ocras Seán Mhicil agus a theaghlach óg caithfidh sé seiftiú dá réir. I bprós glan...
Cuir sa Chiseán -
Súil le Breith
Pádraig Standún€9.00Úrscéal a tharraing caint nuair a foilsíodh ar dtús é i 1983, agus é ar ais i gcló anois tar éis 15 bliana. Sagart paróiste ar oileán Gaeltachta...
Cuir sa Chiseán -
An Chonair Chaoch
C. Ó Giollagáin & B. Ó Curnáin€25.00Cnuasach alt a eascraíonn as taighde a thionscnaigh léachtóirí agus iarscoláirí Aonad na Pleanála Teanga in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge le blianta beaga anuas. Tá sé d'aidhm ag...
Cuir sa Chiseán