Your cart is currently empty!
Seacht dTír Seacht dTeanga
Original price was: €15.00.€10.05Current price is: €10.05.
Seacht dTír Seacht dTeanga, 320 lch, bog, 978-1-913814-10-6
Turas ó Inbhir Nis go Bucairist
Leabhar taistil, leabhar teangacha, leabhar amhrán agus ceoil, leabhar ilghnéitheach bríomhar faoi dhaoine a casadh don údar ar a sheachrán dó ar fud na hEorpa le dhá scór bliain anuas ó Inbhear Nis go Bucairist agus ó Chonamara go Vársá.
Scéal File agus Fánaí
Tá blianta na Breataine Bige ann ar an seandúchas dó. Tá blianta na Briotáine ann áit a bhfuil teach agus tearmann cois coille aige. Tá blianta na Gaeltachta idir Éirinn agus Albain, blianta ar bhóithre na Polainne ag seinm ceoil, blianta léinn sa nGearmáin, blianta beaga nach iad sa Rómáin agus sa mBruiséil ar lorg na cinniúna, ag saothrú i ngort na héigse agus na healaíne, agus ag coinneáil snáithe faoin bhfiacail ó mhí go mí.
Bóthar Soir Siar trí Dhúchas na hEorpa
Léargas ar shaol na ndaoine i bhfad ó chroí na cumhachta – sin é an tréith is suntasaí sa leabhar fuinniúil taitneamhach seo, Seacht dTír Seacht dTeanga. Agus léargas dá réir ar dhúchas na hEorpa soir siar ar feadh a bhfuil ann. Fág an baile i do dhiaidh mar sin, cuir mála ar do dhroim, agus siúil leat san áit a gcasfaidh an bóthar thú: ní bheidh tú gan scéal le hinseacht ná gan amhrán le rá nuair a bhainfidh tú díot do dhá bhróig i ndeireadh an aistir.
Saol atá ag sleamhnú leis beagán ar bheagán, paróiste ar pharóiste
“Fiaire feá é Johnson a bhfuil de phribhléid againne seal a chaitheamh ina fhochair ar a fhánaíocht dó … ag téaltú isteach i dtithe bídh agus caife ar fud na Mór-Roinne agus cluas air le héisteacht leis na cainteoirí maithe Polainnise, cuir i gcás … Éachtaint ar choimheascar saol atá ag sleamhnú leis beagán ar bheagán, paróiste ar pharóiste,”
“Leabhar Eorpach é seo, agus leargas luachmhar ann ar na líomatáistí imeallacha inti, an Ghaeltacht ina measc. Tugann an t-údar ilteangach ildánach na críocha sin go lár an aonaigh, agus tugann a gceart dóibh i scéal na Mór-Roinne seo againne.” — Darragh Ó Caoimh, Breac
“The book is a personal European cultural odyssey, focusing on the author’s appetite for language and literature, poetry and song, and his fondness for the people who inspired and influenced him – poets, writers, musicians and academics and other people closely connected to their lands, cultures and traditions.” — Cathal Poirtéir, Books Ireland Magazine
:”Gné iontach den leabhar is ea an idirthéacsúlacht … Is diamhair iad na coinicéir idirlín ar ar féidir imeacht ach Googláil a dhéanamh ar cheann de chogarthagairtí Dhiarmuda.” — Seaghan Mac an tSionnaigh, Nós
Léigh an léirmheas ar Publishing Ireland
Éist le hagallamh an údair le Tristan Rosenstock, Imram
Leabhair eile a thaitneodh leat?
-
-33%
An Tromdhámh
Feargal Ó BéarraOriginal price was: €16.00.€10.72Current price is: €10.72.An Tromdhámh: Cuairt a thug Seanchán Ollamh agus a chuideachta ar an rí, agus saint is síor-éilimh na cuideachta ainmheasartha sin — idir fhilí, cheoltóirí, bhantracht is ghiollaí...
Cuir sa Chiseán -
Súil Saoir
Diarmuid Johnson€10.00Súil Saoir, an chéad chnuasach filíochta ó pheann Dhiarmuid Johnson, scríbhneoir, iriseoir, ceoltóir agus fear léinn. Tugadh ard-mholadh don chnuasach seo i gcomórtas Ghradam Litríochta Chló Iar-Chonnachta 2004.
Cuir sa Chiseán -
-33%
Nótaí ón Lár
Liam Mac CóilOriginal price was: €10.00.€6.70Current price is: €6.70.Nuair a fuair an t-údar cuireadh óAn Aimsir Óg saothar a chur ar fáil a dhéanfadh ceiliúradh ar an teanga ghaeilge sa bhliain 2000, agus é sin a...
Cuir sa Chiseán -
-33%
Marbhnaí Duino
Rainer Maria Rilke & Máire Mhac an tSaoiOriginal price was: €15.00.€10.05Current price is: €10.05.Tá aistritheoir a dhiongbhála aimsithe ag Rilke i Máire Mhac an tSaoi. Ní hamháin go léiríonn sí acmhainn agus uaillmhian an bhundáin Ghearmáinise, baineann sé geit chomh maith...
Cuir sa Chiseán