Púca sa Teach

Máire Ní Ghallchobhair

7.50

40 lch; clúdach bog, ISBN 978 1 909907 73 7

Tá peata madra ag Jeaic. Lúlú an t-ainm atá uirthi. Bíonn Lulú de shíor ag iarraidh a bheith istigh sa teach, agus bíonn Mamaí de shíor á ruaigeadh amach. Mura bhfuil sé sin sách dona, is eolaí beag é Jeaic. Is breá leis a bheith ag meascadh ceimicí agus ag déanamh meaisíní. Tá Mamaí bhocht trína chéile acu!

Tá deoch cheimice nua déanta ag Jeaic — deoch í a dhéanfadh dofheicthe thú. Tugann sé an deoch do Lúlú, agus bíonn Lúlú in ann éalú isteach sa teach gan fhios do Mhamaí. Ach nuair a thiteann Mamaí bhocht thar Lúlú ceapann sí go bhfuil púca sa teach! Tá Mamaí bhocht scanraithe!

Leabhar Breac
Privacy Overview

This website uses cookies so that we can provide you with the best user experience possible. Cookie information is stored in your browser and performs functions such as recognising you when you return to our website and helping our team to understand which sections of the website you find most interesting and useful.