Your cart is currently empty!
Ag Imeacht le Sruth
€7.50
48 lch’ clúdach bog; ISBN 978 1 911363 15 6
Bhí an canú ag imeacht go fíorsciobtha! Agus bhí an abhainn ag coipeadh mar a bheadh uisce i bpota os cionn na tine!
‘Cén fáth a bhfuil an sruth ag éirí níos láidre?’ arsa Níotú. BrrrrrrrrrRRR!
‘Ó, a Mhamaí!’ arsa an tIndiach beag. ‘Eas!’
Gan cead óna athair, téann Níotú ag spraoi i gcanú ar an abhainn. Is gearr go dtugann an canú le sruth é. Cén chaoi a dtiocfaidh an tIndiach beag slán?
Indiach Dearg is ea Níotú. Tá sé ina chónaí lena athair is a mháthair i dtípí. Thart timpeall orthu tá treibh na dTípíonna Beaga. Gach lá, in éindí lena chairde Fataí agus Navó, téann Níotú ag spraoi san fhoraois, ag foghlaim faoi ainmhithe agus faoin nádúr.
Seo an cúigiú leabhar sa bhailiúchán ‘Notú’.
Leabhair eile a thaitneodh leat?
-
An Sealgaire Mór!
Marc Cantin€7.50Úrscéal maisithe sa tsraith 'Níotú' don aoisghrúpa 7+ faoi indiach beag dearg, agus a chuid cairde. 'Chun bróga a dhéanamh, teastóidh craiceann ainmhí uaim,' arsa taoiseach na dTípíonna...
Cuir sa Chiseán -
Ar Cosa in Airde
Marc Cantin€7.50Rith Níotú, léim sé in airde ar dhroim Phítsí, agus rug sé ar a mhoing. Chaith an searrach Níotú ar a bholg ar an talamh. ‘Ha! Ha! said...
Cuir sa Chiseán -
Cara Nua
Marc Cantin€7.50Chonaic Níotú rud éigin a chuir an cluiche as a cheann. Bhí racún óg ina luí in aghaidh an chrainn agus é beagnach i bhfolach faoi na duilleoga....
Cuir sa Chiseán -
An Béirín Dána
Marc Cantin€7.50Agus an oíche ag titim, feiceann Níotú lorg béir sa sneachta. Tá an tIndiach beag cinnte go bhfuil an béar i gcontúirt agus téann sé ina dhiaidh tríd...
Cuir sa Chiseán