Éanna Corr

Antain Mac Lochlainn

12.00

Éanna Corr: 136 lch., clúdach bog, ISBN : 978-1-913814-59-5

Le réamhordú ar lascaine go dtí 31 Lúnasa

‘Conas is féidir duine a shábháil nuair nach dtuigeann sé féin go bhfuil sé i gcontúirt?’

Duine ar an imeall é Éanna Ó Corra. Aonarán i measc na ndaltaí eile i bPobalscoil na Carraige. Éan corr, go deimhin. Ach cuirtear casadh i scéal Éanna nuair a thagann dalta nua chun na scoile. Ní dalta mar gach dalta eile é Síomón Collina. Tá sé muiníneach. Tá sé cliste. Agus tá sé ag iarraidh a bheith mór le hÉanna. Ach an féidir go bhfuil rud éigin á cheilt aige? An cairdeas nó cleasaíocht atá le tairiscint aige? Agus cé hiad an dream rúnda seo, an Teampall Nua?

Cairdeas, saoirse agus misneach

Úrscéal do dhéagóirí is ea Éanna Corr, úrscéal a thugann aghaidh ar shaol ár linne, ar an uaigneas, ar an mbulaíocht, agus ar an misneach is gá le tabhairt faoin saol.

‘Choíche ná go deo, ná díol do shaoirse ar mhaithe le comhluadar.’

Scéal faoi chairdeas atá in Éanna Corr. Scéal faoi shaoirse is ea é chomh maith. An mbeidh Éanna in ann an fód a sheasamh dó féin agus dá chara?  An mbeidh sé de mhisneach aige na ceisteanna crua a chur, fiú má chuireann sé sin an cairdeas i mbaol? An mbeidh aird aige ar chomhairle a dheirféara, Brídín: ‘Choíche ná go deo, ná díol do shaoirse ar mhaithe le comhluadar.’