Fri Selba Ségann

Nioclás Mac Cathmhaoil, Caitríona Ó Dochartaigh & Courtney Selvage

Original price was: €18.00.Current price is: €15.00.

Fri Selba Ségann: Aistí ar Ghnéithe d’Oidhreacht Choluim Chille; Essays on Aspects of the Columban Tradition

LE RÉAMHORDÚ AR LASCAINE SPEISIALTA GO DTÍ 31 BEALTAINE

Fri Selba Ségann: clúdach bog; ISBN 978-1-913814-60-1

Naomh a raibh tionchar aige ar chultúr iarthuaisceart na hEorpa

Cnuasach aistí é seo atá bunaithe ar pháipéir a léadh ar dtús ag comhdháil Éigse Cholm Cille 2021, a bhí mar chomóradh míle go leith bliain ar Cholmcille. D’imir an naomh tionchar fada buan ar shaol cultúrtha na nGael agus na dtíortha eile in iarthuaisceart na hEorpa, agus pléann an leabhar seo le gnéithe faoi leith den oidhreacht sin. I measc na nithe a gcaitear leo anseo tá na téacsanna – idir chráifeach agus thuata – a bhain le Colmcille, an rian a d’fhág a chultas ar chúrsaí logainmneacha, na hiarsmaí seandálaíochta agus an dul i bhfeidhm a bhí ag na Gaeil ar luatheaglais na hÍoslainne.

aothair taighde ar an léann Éireannach

Is iad Nioclás Mac Cathmhaoil (Ollscoil Uladh), Caitríona Ó Dochartaigh (Coláiste na hOllscoile Corcaigh) agus Courtney Selvage (Ollscoil Uladh) eagarthóirí an leabhair. Seo í an dara himleabhar i Sraith Adhamhnáin. Saothair taighde ar an léann Éireannach agus ar an staidéar Ceilteach