Your cart is currently empty!
Cú 3
€12.00
168 lch; clúdach bog; 978-1-909907-91-1
An Leabhar Deireanach sa Triológ CÚ
Cú: Fuascailteoir.
An tríú leabhar in eipic mhór Chú Chulainn — agus an scéal ar fad ar fáil anois mar úrscéal graifice. San imleabhar deireanach seo bailíonn naimhde Chú Chulainn ina aghaidh — Calaitín, Méabh, Feardia, agus fiú an Mhór-Ríon féin! Is anseo a dhéanann Cú Chulainn agus Feardia comhrac an átha. Agus, mar bharr ar an donais, déanann sluaite Chonnacht ionradh ar Chúige Uladh chun na hUltaigh a bhriseadh. Beidh sé ina bháire fola!
Insint láidir bhríomhar atá anseo ar an seanscéal agus é maisithe le fuinneamh is le teannadh. Leabhar í seo a dhúisíonn seanchuimhní an chine agus a spreagann samhlaíocht na hóige.
An Táin i dTraidisiún ‘From Hell’ agus ‘300’
“Cé go bhfuil bunchreatlach an scéil ar eolas ag go leor níl an leabhar seo teanntaithe ag an seanscéal agus dá bhrí sin ní fada go dtéann sé agus na pictiúir chorraitheacha i bhfeidhm ort … Éiríonn thar cionn leis. Chuirfeadh úsáid chliste na ndathanna From Hell nó 300 i gcuimhne duit.” — Eoin P. Ó Murchú, Nós
“Leagan iontach de scéal Cú Chulainn curtha ar fáil ag Paul Bolger agus Barry Devlin san úrscéal grafach seo atá aistrithe go Gaeilge ag Leabhar Breac. An chéad chuid de thriológ a phléann le hóige Shéadanda agus a shaol go dtí go cuirtear go hAlbain é le gaiscíocht a fhoghlaim ón mbanlaoch Scáthach.” —Aonghus Ó hAlmhain, Gobblefunked
Leabhair eile a thaitneodh leat?
-
Corp an Duine Uasail
Pénélope Bagieu€12.00A leithéid de shaol! Tar éis do Zoé an lá a chaitheamh mar fháilteoir ag comhdhálacha agus seónna tráchtála, ní bhíonn ag fanacht léi sa bhaile ach leisceoir...
Cuir sa Chiseán -
Port na Farraige Goirt
Hugo Pratt€12.00Úrscéal grafach do dhéagóirí agus léitheoirí fásta: 1914, in áit éigin in iardheisceart an Aigéin Chiúin, tagann bád seoil an Chaptaein Raspúitín ar fhear ceangailte de rafta atá...
Cuir sa Chiseán -
An Broc-Chú
Hervé Bourhis€12.00"Chun an táirge seo a dhíol lenár bpáirtithe in earnáil an leighis, táimid chun an saineolas agus an úire a nascadh le chéile." Is mar sin a chuireann...
Cuir sa Chiseán