0 Earra

Tá an t-úrscéal Súil an Daill le Darach Ó Scolaí fógartha ar ghearrliosta Ghradam Uí Shúilleabháin, ”Leabhar na Bliana’ 2022. Bronnadh Duais an Oireachtais ar an úrscéal seo in 2019. Ghnóthaigh a úrscéal An Cléireach an duais in 2007 agus cé go raibh Na Comharthai agus Táin Bó Cuailnge ar an ngiorrliosta níor thugadar leo an duais. Is ar an 6 Deireadh Fómhair a fhógrófar an buaiteoir,

Portrait of writer Darach Ó Scolaí reading Úrscéal Nua-Aimseartha

Scéal uilíoch daonna é scéal Súil an Daill. Baintreach agus athair clainne é Conchúr; cléireach sinsearach, agus fear foghlamtha dea-léite ar mian leis a thír a fhorbairt i bhfaisean na hEorpa.

I gcúiteamh ar a sheirbhís dhílis, gealltar cead dó droichead a thógáil, droichead ceart cloiche a bheadh ina chéim bheag chun tosaigh i dtreo na físe sin aige. Ach nuair a chuirtear stop le hobair thógála ar an droichead, briseann ar fhoighne Chonchúir. Agus in ainneoin go bhfuil a phost agus a bheatha féin á chur i mbaol aige, tugann sé aghaidh ar a mháistir …

Crua-Cheisteanna na Cumhachta

Úrscéal nua-aimseartha é Súil an Daill a phléann an tseirbhís phoiblí agus na crua-cheisteanna a bhaineann leis an gcumhacht agus le láimhseáil na cumhachta. Pléitear ann freisin na nithe a ghéilleann an duine ar mhaithe le haidhmeanna fiúntacha a bhaint amach — agus le fanacht i gcumhacht.

Book cover, a hare in the heather | giorria sa fhraochTáipéis na Staire á fí ag an Scolaíoch

I dTir Eoghain sa bhliain 1539 a suitear an scéal: tá Conn Bacach ina thiarna agus a chlann mhac in iomaíocht lena fhabhar a thuilleamh. As dlúth is inneach na staire, fíonn údar An Cléireach agus Táin Bó Cuailnge bréidín an tiarnais Ghaelaigh dúinn, taipéis mhór bheo Ghaeltacht dheireadh na Meánaoise agus thús an Renaissance ina mhaireann easpaig is iascairí, dochtúirí is dlíodóirí, giollaí is gallóglaigh, cailíní cuideachta is bantiarnaí.

“Éacht déanta leis an leabhar seo,” arsa Pádraig Mac an tSaoir, Creeve Books. “Ní dóigh liom,” ar sé, “go bhfuil cuntas i bhficsean na Gaeilge is fearr a léiríonn aigne thraidisiúnta na nGael ná an t-úrscéal seo.”

Two ladies in Irish 16th Century costume | Beirt bhan in éide an 16ú haoisTour de force Stíle agus Reacaireachta.

Ag tagairt don úrscéal dó, thug an criticeoir agus moltóir Oireachtais Gearóid Denvir “úrscéal thar a bheith soifisticiúil,” ar Súil an Daill. “Éacht taighde agus teanga a aimsíos ardréim liteartha lena scéal a inseacht. Tour de force stíle agus reacaireachta.” Agus arsa Donalkl Ó Braonáin in Comhar, “Tá an teannas scéalaíochta ar fheabhas … cuidíonn éascaíocht stíle le rosc rua ropanta a dhéanamh den phrós. Togha úrscéil.”

“Ard-úrscéal caolchúiseach dúshlánach a áireofar fós i measc mhór-úrscéalta Gaeilge na linne seo,” a scríobh Breandán Ó Cróinín in Feasta. “Éacht nach beag,” ar sé.

Chuir Máire Ní Fhinneadha in Tuairisc.ie spéis i ngné ar leith den úrscéal seo. “Gné den sár-úrscéal is déanaí ó Dharach Ó Scolaí a chuaigh i bhfeidhm go mór orm,” ar sí,  “ná stuaim agus éirim na mban, buanna a séantar aitheantas dóibh sna cuntais staire. Is féidir le Conchúr Mac Ardail a bheith ag sodar anseo is ansiúd ar ordú a mháistrí mar tá Sadhbh go cumasach tíobhasach sa mbaile i mbun cúraimí tí — agus comhairle mhaith aici ach éisteacht a fháil … Éalaigh cúpla uair an chloig ó thiarnaí an lae inniu le húrscéal iontach Uí Scolaí.”