Na Comharthaí

Darach Ó Scolaí

18.00

240 lch; (clúdach crua) ISBN: 978-0-898332-86-5

GEARRLIOSTA ‘LEABHAR NA BLIANA 2015’ LACÁISTE SPEISIALTA €15

Suite sna blianta 2008-09 in Éirinn, i bPáras agus sa Tuirc, is úrscéal ar théama na géillsineachta agus na saoirse intinne é Na Comharthaí, saothar a phléann lena dtarlaíonn nuair is í an tsaoirse a roghnaíonn duine dó féin an umhlaíocht lom, agus nuair is é an géilleadh sin a ardaíonn sa saol é. Aonarán é Jó, coimhthíoch de chuid na haoise seo tugtha don fhéinscrúdú. Ina ghasúr scoile dó, mar fhreagra ar an gciapadh a fhulaingíonn sé óna chomhscoláirí, déanann Jó uirísliú iomlán air féin agus, tríd an umhlaíocht, tagann ar bhealach le smacht a fháil ar a chinniúint féin. Neartaithe ag an tuiscint sin, téann sé ag póirseáil i stair a chineáil. Dar leis féin, is avatár aircitíopach é, duine de phór na nGiollaí Rí ó thús aimsire anall, mar a bhí Círon oide Odysseus, Hephaestion compánach Alastair Mhóir, agus fiú Iósaf leasathair Íosa. Neartaithe ag an tuiscint sin, agus tiomnaithe dá dhualgas bunaidh, déanann sé a bhealach tríd an saol, ón ollscoil i nGaillimh go dtí a chéadsearc Nadín, agus óna chéad phost i mBaile Átha Cliath go dtí a thumadh i gcultas an Rí. Ach, trína lorgaireacht phearsanta sa ghéillsine agus sa chinniúint, tá cumhachtaí dorcha á scaoileadh aige, cumhachtaí a thiomáineann ar thuras miotasach é i dtromluí iar-nua-aoiseach.

“Saothar soifisticiúil é seo a thagann i dtír ar mhiotas na muintire chun scéal a dhéanamh orainn féin sa ré seo … Téacs saibhir ardchumasach é Na Comharthaí arbh fhiú a léamh arís agus arís eile … Má tá cinseal scríbhbneoireachta próis againn faoi láthair baineann Darach Ó Scolaí go láidir le piardaí comhaimseartha eile fearacht Phádraig Uí Shiadhail, Thomáis Mhic Shíomóin, agus Liam Mhic Cóil.” — Dónall Ó Braonáin, COMHAR

“Seod eile litríochta curtha ar fáil ag an bhfear ildánach seo…. Tá lón machnaimh sa léargas a thugann an t-úrscéal don léitheoir ar bhuncheisteanna fealsúnachta ar nós cad is saoirse ann, cad is umhlaíocht ann, cad is cinniúint ann.”
— Meidhbhín Ní Úrdail, FEASTA

“Tá aithne mhaith cheana ar Dharach Ó Scolaí mar údar an duaisúrscéil An Cléireach agus mar athchruthitheoir Táin Bó Cuailgne, ar gaisce míorúilteach scríbhneoireachta é a rabhamar ag feitheamh leis le fada.

“Conair eile ar fad atá á leanúint aige san úrscéal seo Na Comharthaí a bhaineann le saol comhaimseartha na hÉireann, fág go bhfuil smuit de thall thairis sa Ghréig agus sa Tuirc. Fear óg é Jó, neach inste an scéil, a shíleann go bhfuil cinniúint áirithe amach roimhe agus tá ag lorg na gcomharthaí a nochtfaidh an chinniúint sin dó. Tagann na comharthaí seo chuige i measc a chairde, ar scoil, ar an ollscoil, ina chuid léitheoireachta, ar bhláth na sceiche féin.

“Tá i ndán dó, dar leis, a bheith ina ‘Ghiolla Rí’, rud a fhágann nach foláir dó a bheith umhal ina phearsa agus an rí ceart a lorg agus a fháil.

“Dá réir sin is scéal turais lorgaireachta é seo i measc baicle neamhchoitianta daoine ar fud sráideanna agus pubanna Bhaile Átha Cliath agus Chonamara, turas siar san mhiotaseolaíocht, turas seandálaíochta, turas litríochta (sean agus nua), agus go deimhin féin, turas grá.” — Alan Titley, Tuairisc.ie

Out of stock