Táin Bó Cuailnge

Darach Ó Scolaí

18.00

Táin Bó Cuailnge; 264 lch; clúdach crua; 978-1-913814-27-4

Eagrán nua móide gluais agus innéacs.

Eagrán scoile/coláiste ar fáil ANSEO.

Ceann de na heipicí is mó agus is fearr a scríobhadh riamh, agus é anois ar fáil in eagrán nua maille le hinnéacs agus gluais.

Duais Aodáin Mhic Phóilin

Is é Táin Bó Cuailnge an scéal is faide agus is tábhachtaí atá againn sa luathlitríocht, agus tá sé ar cheann de na heipicí próis is mó agus is clúití dár scríobhadh riamh. Baineann scéal na Tána leis an ionradh a rinne Ailill agus Méabh Chonnacht agus ‘ceithre ollchúige Éireann’ ar Chúige Uladh, ag iarraidh tarbh an chúige a bhreith leo as Cuailnge.

Is ann a insítear scéal Chú Chulainn, an laoch óg a sheas an fód ar son na nUltach ó Luan tosaigh na Samhna go dtí tús an earraigh, gan ina chuideachta ach a charbadóir Lao, agus é in aghaidh mhórshluaite Ailealla is Mhéibhe. Is ann freisin a déantar cur síos ar a óige, ar a chéad ghaiscí, ar an gcaoi a fuair sé a ainm, agus ar a chomhrac crólinnteach lena chara is a chomhalta, an laoch Connachtach Feardia.

Ba san 11ú hAois a breacadh na leaganacha is sine dá bhfuil againn den scéal Táin Bó Cuailnge. Is é Darach Ó Scolaí a chuir i Nua-Ghaeilge.

Luas agus Rithim

“Tá sine nua curtha ag an saothar seo i slabhra athnuachana na Gaeilge. Ó tharla go bhfuil buneachtraí an scéil leagtha síos ag an traidisiún, braitheann feabhas an leagain seo ar chaighdeán na teanga agus na stíle. Caighdeán ard – an cineál is airde – atá ann. Tá an stíl nádúrtha, soléite, saibhir. Tá luas agus rithim ann. Tá beocht sna cuntais. Is cinnte go mbeidh Gaeilgeoirí bródúil as an maisiú seo ar an mílaois úr.”
—An tOllamh Máire Ní Annracháin

“An scéal ó thús deireadh curtha inár láthair go snasta ag Ó Scolaí agus é aistrithe go dílis aige ó na foinsí Meán-Ghaeilge agus Gaeilge shaibhir an lae inniu curtha i mbéal na laochra … Níl aon amhras ann ach gurb í seo ardlitríocht na Gaeilge.”
— Maitiú Ó Coimín, Nós

Dílis do Réim Teanga an Bhunleagain

“The freshness and richness of Ó Scolaí’s version are a joy …. The author delights us with the linguistic and stylistic richness of the ancient epic in a modern-Irish version that reflects the original’s spirit and language.”
— Cathal Poirtéir, Books Ireland

“Tá sleachta chomh cumasach sa tsaothar seo le haon rud sa Nua-Ghaeilge. Beidh a rogha féin ag gach éinne, an chaint ghéar, an draíocht, an eachtraíocht bhuile.”
— Alan Titley, Comhar.

“Is fada an leabhar seo ag teastáil ó lucht léite na Gaeilge agus níl aon amhras ach gur clasaic a bheas ann in imeacht ama agus go sáraíonn sé leagan Béarla Thomas Kinsella. Fanann an leagan seo dílis do réim teanga an bhunleagain agus san am céanna aimsíonn an t-údar réim chuí teanga i nGaeilge an lae inniu. Sáraíonn Ó Scolaí deacrachtaí na roscanna cainte ón mbunleagan go han-mháistriúil ar fad agus tá na leaganacha de na buntéacsanna filíochta thar a bheith éifeachtach.”
— An tOllamh Gearóid Denvir, Comhar

Áit Bhuan Tuillte aige i gCanóin Liteartha na Gaeilge

“Is é an t-oiriúnú údarásach atá déanta ag Ó Scolaí ar an teanga an bua is mó atá ag an leabhar. Tá saibhreas friotail sna blúirí filíochta agus sa phrós féin […] éiríonn leis an údar raon oiriúnach den Ghaeilge chomhaimseartha a fhionnadh tríd an leabhar síos. Is raon teanga é a chuireann blas ársa agus béasaíocht na huaisleachta in iúl go cumasach […] tá ardchaighdeán oiriúnaithe bainte amach ag an údar faoi chlúdaigh rúndiamharacha tharraingteacha an leabhair seo, ní hamháin go bhfuil duaiseanna agus léirmheasanna tuillte aige, ach tá áit bhuan tuillte freisin aige i gcanóin liteartha na Gaeilge, óir is léitheoireacht riachtanach é seo d’aon léitheoir a bhfuil spéis aige/ aici sa teanga agus sa litríocht dhúchasach.”
— Marie Whelton, Léann Teanga: An Reiviú.

Tá eagrán scoile (clúdach bog) den leabhar ar fáil anseo.

An leabhar ar fáil ar Kindle anseo.

Feach ar leabhair eile sa chatagóir An tSean-Litríocht