Your cart is currently empty!
An Bhé Ghlas
€12.00
An Bhé Ghlas: 112 lch; clúdach bog; 978-1-909907-56-0
I gcnuasach nua seo Uí Shearcaigh, tá a réim radhairc agus a raon tuisceana níos leithne ná riamh; an domhan sofheicthe agus an domhan dofheicthe á dtabhairt le chéile aige faoi gheasa glé an bhriathair; an léirfhocal cruinn agus an léargas grinn i dtolamh i bhfeidhm i ndéantús an dáin. Mar atá ráite go minic tá gné mhisteach i mbard Mhín a’ Leá agus é ag adhradh na ndúl agus ag altú an daonnaí.
Ó Ghort an Choirce go Gaza
Anseo tá sainchreideamh an tseanreachta á cheiliúradh aige go dúilmhear dúshlánach. Seo guth glas na Gaeilge. Ach mar a léirítear sa chnuasach ilghnéitheach seo, ní file an aon phoirt é. Tá sé i dtiúin leis an saol agus é ag freagairt do chúrsaí cinniúnacha ó Ghort an Choirce go Gaza “ag tabhairt teanga don tost a thachtann muid”, mar a tá ráite aige féin. Ag an Oireachtas in 2015, bhain Cathal Ó Searcaigh an chéad duais amach sa chomórtas filochta leis an gcnuasach seo
Tapping into deep archetypal, communal and individual sources
“Is go ‘fonnmhar, fiáin, fuilchraosach’, mar a deir sé féin linn, a thugann an Searcach faoi dhánta a sholáthar atá ‘gleoite, gléghlan, glórmhar’. — Caoimhin Mac Giolla Léith
“If Ó Searcaigh digs deep, he also digs wide. Arabic poetry, the poetry of Li Bai, innumerable references to the Gaelic song tradition, these and other sources are all part of his poetic context… He is tapping — in the literal sense — into deep archetypal, communal and individual sources, and the poetry is correspondingly rich and deep.” — Paddy Bushe, Poetry Ireland
Leabhair eile a thaitneodh leat?
-
Saighdiúir
Cathal Ó Searcaigh€16.00Faoi thailm na bpléascán agus chnagarnach bhuan na ngunnaí móra, faighimid radharc scanrúil ar an chogadh trí shúile an fhir óig seo as Gaeltacht Chloich Chionnaola, agus é...
Cuir sa Chiseán -
Teach an Gheafta
Cathal Ó Searcaigh€18.00céal ógfhir atá againn anseo agus an samhradh cinniúnach a chaith sé i dTeach an Gheafta i Mín na Móna i nGaeltacht Thír Chonaill agus é ag iarraidh...
Cuir sa Chiseán -
Fonn a Níos Fiach
Pádraig Ua Maoileoin€16.00'Fonn a níos fiach' a deir an seanfhocal, agus nuair a bhualann an t-ocras Seán Mhicil agus a theaghlach óg caithfidh sé seiftiú dá réir. I bprós glan...
Cuir sa Chiseán -
Ar Luch agus ar Dhuine
John Steinbeck€16.00Eagrán álainn Gaeilge den tseanchlasaic le John Steinbeck Of Mice and Men a céadfhoilsíodh in 1937, ceann de mhórshaothair na haoise seo caite. Beirt spailpíní iad George agus...
Cuir sa Chiseán