Tinte na Farraige Duibhe

Tim Armstrong

15.00

Tinte na Farraige Duibhe, 208 lch; clúdach bog; 978-1-913814-03-8

I bpáirt le hócáid ‘Tinte na Farraige Duibhe’ IMRAM, beidh an leabhar seo ar fáil ar lascaine speisialta ón 12-19 Samhain.

Thit an long i dtreo an phláinéid dheirg, í ag luasghéarú i gcónaí. Bhí na cúrsóirí á leanúint agus, mar a shíl A-Hiom, bhí siad ag teacht suas leo, beagán ar bheagán. Líon Na Hasta an radharc ar fad a bhí rompu agus chonaic Sál na sraitheanna de scamaill agus stoirmeacha ina nguairneáin, iad oráiste agus bán, ag casadh leo in atmaisféar meirgeach an phláinéid.

Ar a dTeitheadh i Spás-Long Lastais

Beirt ar a dteitheadh ó Roghail, gealach bheag amach ón bpláinéad dearg Na Hasta, is ea Sál agus Ríosa. Éalaíonn siad i spáslong lastais — agus an crogall daonna, an Sáirsint Raithdead, ar a dtóir. Ach amach rompu tá namhaid níos mó agus níos measa — agus gan fhios di féin, tá rún á cheilt ag Ríosa a tharraingeoidh fórsaí uile an Oilc sa mhullach orthu.

Buaiteoir Ghradam an Saltire Society

Úrscéal ficsean eolaíochta a scríobhadh i nGaeilge na hAlban is ea Air Cuan Dubh Drilseach. In 2013 a foilsíodh é agus is é an chéad úrscéal ficsean eolaíochta lánfhada a scríobhadh do dhaoine fásta i nGaeilge é.

Ghnóthaigh an leabhar seo gradam an ‘First Book of the Year’ do Tim Armstrong ón Saltire Society in 2013. Is é Eoin P. Ó Murchú a d’aistrigh.

Scríbhneoir agus ceoltóir as Seattle Mheiriceá é Tim Armstrong, agus is léachtóir i Sabhal Mòr Ostaig é. Tá sé ag obair faoi láthair ar an dara húrscéal leis, An Luingeas Dorcha air Fàire.

Scéal Deas Teann

“Tá cruinne inchreidte Gaeilge san “úrscéal ficsin eolaíochta crua” seo .i. tá an teicneolaíocht lárnach … intleachtaí shaorga, ríomhairí, innealtóireacht géiniteach, cibearg. Tá gnéithe de scéal grá, scéinséir tóraíochta, turas ceoil trasna na réaltbhuíonta, diostóip chaipitileach agus éirí amach róbat ann. Tá úsáid chliste bainte as canúintí ag Eoin P ina aistriúchán …. Tá formhór na pearsana daonna — ach tá ról suntasach ag intleacht shaorga atá inchorpartha ach ar a cumas í féin a sheoladh isteach i gcórais eile. Scéal deas teann atá ann — cloch fhiúntach ar charn léitheoireachta na nGael, agus tá buíochas ag dul do Tim Armstrong agus Eoin P. Ó Murchú araon. Mar is iondúil le Leabhar Breac, tá an dearadh snasta.” — Aonghus Ó hAlmhain, Smaointe Fánacha Aonghusa

An Greann Fite Fuaite i Scéal Lán Téamaí Dorcha

“Úrscéal ficsean eolaíochta den chéad scoth é Tinte na Farraige Duibhe…. D’ainneoin na dtéamaí dorcha sa scéal seo, tá greann fite fuaite tríd agus lonraíonn na carachtair le dóchas nuair a éalaíonn siad arís is arís eile i mbealaí éagsúla. Bíonn fadhbanna cumarsáide maidir le teangacha in úsáid ar phláinéid éagsúla, a mbeadh dáimh ag cainteoirí Gaeilge leo, agus tagairtí spraíúla ann do shaol ghnéis na n-intleachtaí saorga, agus go leor eachtraí eile fhágfaidh an léitheoir ag gáire…. Is scéal iontach é Tinte na Farraige Duibhe,” — Pádraig Ó Roidigh, Nós

“Ach ní hé an greann folaigh ná an insint chaolchúiseach is cás linn ach gur píosa léitheoireachta é a thugann siar amach tú, nuair is iomaí sin brí atá le siar amach. Tá cúpla radharc ann a bhainfidh den talamh tú, go háirithe an ceann ina bhfuil ríomhaire atá ceangailte le hintinní agus le coirp daoine. In ainneoin a bhfuil de chineálacha de neachanna anseo, is scéal daonna atá ann ar deireadh, óir mura mbeadh, ar éigean go mbeimis in ann é a thuiscint ná spraoi a bhaint as. Agus scéal é seo a bhfuil spraoi agus tuiscint agus go leor thairis sin ann go gúgallach.” Alan Titley, Tuairisc.ie

“Is dual do Leabhar Breac leabhair dhea-mhaisithe a chur ar fáil agus ní eisceacht é an t-aistriúchán seo … Téann an scéal ar luas, agus níl leathanach curtha amú agus eachtraíocht an scéil tosaithe leis an chéad abairt….  Tá an léitheoir gafa láithreach … agus ní scaoiltear leis nó léi go deireadh.”  Dubhán Ó Longáin, Feasta.