0 Earra

Thit an long i dtreo an phláinéid dheirg, í ag luasghéarú i gcónaí. Bhí na cúrsóirí á leanúint agus, mar a shíl A-Hiom, bhí siad ag teacht suas leo, beagán ar bheagán. Líon Na Hasta an radharc ar fad a bhí rompu agus chonaic Sál na sraitheanna de scamaill agus stoirmeacha ina nguairneáin, iad oráiste agus bán, ag casadh leo in atmaisféar meirgeach an phláinéid.

Beirt ar a dTeitheadh i Spás-Long Lastais

Beirt ar a dteitheadh ó Roghail, gealach bheag amach ón bpláinéad dearg Na Hasta, is ea Sál agus Ríosa. Éalaíonn siad i spáslong lastais — agus an crogall daonna, an Sáirsint Raithdead, ar a dtóir. Ach amach rompu tá namhaid níos mó agus níos measa — agus gan fhios di féin, tá rún á cheilt ag Ríosa a tharraingeoidh fórsaí uile an Oilc sa mhullach orthu.

Duais an Saltire Society

Úrscéal ficsean eolaíochta a scríobhadh i nGaeilge na hAlban is ea Air Cuan Dubh Drilseach. In 2013 a foilsíodh é agus is é an chéad úrscéal ficsean eolaíochta lánfhada a scríobhadh do dhaoine fásta i nGaeilge é. Ghnóthaigh an leabhar seo gradam an ‘First Book of the Year’ do Tim Armstrong ón Saltire Society in 2013. Is é Eoin P. Ó Murchú a d’aistrigh.

Is iad na foilsitheoirí CLÀR in Inbhear Nis a d’fhoilsigh an leabhar seo seo ar dtús, agus tá súil ag Leabhar Breac an chéad leabhar eile le Tim Armstrong a fhoilsiú agus forbairt a dhéanamh ar an ngaol seo atá á chruthú idir an dá theach foilsitheoireachta seo ar dhá thaobh Shruth na Maoile.

Punc agus Teicneo na hAlban

Scríbhneoir agus ceoltóir as Seattle Mheiriceá é Tim Armstrong. Is i measc cheoltóirí punc Dhún Éideann a d’fhoghlaim sé Gaeilge na hAlban i dtosach, sa bhanna ceoil Mill a h-Uile Rud. Tá baint aige le tograí punc, teicneo agus rac-cheoil ó shin.

Cé gur taighdeoir bitheolaíochta a bhí ann sular thug sé faoi Ghaeilge na hAlban, bronnadh PhD air sa tsochtheangeolaíocht, ó Ollscoil Obar Dheathain agus ó Shabhal Mòr Ostaig, agus tá sé ag obair in Albain mar léachtóir i Sabhal Mòr Ostaig. Tá sé ag obair faoi láthair ar a dhara húrscéal, An Luingeas Dorcha air Fàire.