Leabhar Breac
Foilsitheoirí Leabhar

0 Earra

Feargal Ó BéarraMÉ SUIBHNE – Sliocht as iarfhocal an údair

Buile Shuibhne: mórthéacs uathúil dífhasaigh de chuid chanóin liteartha na hEorpa ina gcloistear, roinnt céadta bliain sular tharla a leithéid sa gcuid eile de litríocht an Iarthair, guth sainiúil an aonaráin; saothar sciamhach neamhchanónda de chuid na Gaeilge ina dtugtar léargas den chéad uair riamh in aon cheann de theangacha neamhchlasaiceacha na hEorpa ar an ngeilt agus ar an lorg a fhágas an leonadh intinne — an tráma — ar intinn an té dá ngabhann a leithéid; scéal suaithinseach ina bhfuil na seacht dtéamaí uilíocha: an grá, an ghruaim, an duairceas, an suairceas, an t-aiféala, an maithiúnas, agus an slánú; scéal faoin ngalar intinne, faoi mhaslú na hEaglaise, faoi oidhe íogair an duine. Téacs a bhfuil teachtaireacht ábhartha ann do lucht ár linne féin ós minic ar na meáin [mhí]shóisialta iad siúd is laige ná lucht a lasctha á náiriú go poiblí, iad siúd is mó a thuilleann trua á bhfágáil taobh leis an uirísliú urghránna os comhair an tsaoil.[1]

Eagrán nua de Bhuile ShuibhneMasla agus Mallacht

Sa seachtú haois, tráth a raibh an Chríostaíocht fós ina colg céadach ag spealadh roimpi trí ghlasghoirt na geintlíochta (ach go raibh corr-rí fanta thall is abhus a bhí fós ag cur cosa i dtaca) atá an scéal suite, scéal ina gcuirtear síos ar an díobháil shíceolaíoch agus fhisiciúil a d’imir an chinniúint ar fhear a thug dúshlan na Críostaíochta agus a d’íoc deachma dá réir — an geintlíoch Suibhne mac Colmáin Chuair, Rí Dhál Araidhe (a bhí suite sa limistéar ó Shliabh Mis anuas go hIúr Cinn Trá). I ngeall ar an masla a thug sé do Rónán Naofa agus ar an mallacht a chuir sé siúd air a chaill Suibhne a ainm-in-airde mar cheannaire míleata ar pháirc an áir agus a chuaigh sé le craobhacha dá éis ionas gurb í an chinniúint a d’éirigh dó fuíoll a bheatha a thabhairt mar vogelmensch nó fear-éan ó chrann go crann is ó bheann go beann ar a theitheadh ó lucht a bhasctha is a ghéarleanúna.

File Déanta a Bhí Cumasach Cliste thar na Bearta.

An té a cheap agus a shaothraigh an buntéacs, a d’fhaghair is a ghaibhnigh ina intinn féin gach litir, gach siolla, gach focal, gach clásal, gach abairt, gach líne, ceathrú, is comhardadh, gach uile ní dá bhfuil sa téacs, sular cuireadh aon chuid de ar pár, bhí sé cumasach cliste thar na bearta. Más uainn a cheart a thabhairt don té sin a thug glór don gheilt bhocht Suibhne, más uainn a cheart a thabhairt don téacs a chruthaigh sé, ní miste cuimhneamh ar an gcaint a chaith Funk faoin bhfile déanta (.i. an ‘authentic poet’) mar an té atá gafa thar teorainn na gnáthchainte amach, isteach i gcríoch na cainte aineoil: mar a bheadh sé ag iarraidh an rud nár cuireadh i bhfriotal fós a chloisteáil agus a chur i gcéill dó féin.[2] An té a scríobh Buile Shuibhne, leag sé béim ar leith ar an indibhid, ar oibriú do-thuisceana na hintinne, ar iarmhairt oidhiúil na buile, agus ar dhán doiligh an té ba chuid tráth den tsochaí sin arbh éigean é féin a dhíbirt ar deireadh aisti. Chruthaigh sé pearsa a bhfuil an daonnacht agus an dólás greanta chomh grinn sin air gur doiligh a chreidiúint nárbh ann dó riamh. Ní beag sin de theist ar an údar, beannacht Dé ar a anam.

Ar an tsraith dá ngairtear Scéalaíocht na Rí is gnách le lucht léinn Buile Shuibhne a áireamh, i dteannta le dhá théacs eile .i. Cath Mhaigh Rath II (ca. 1300) agus Fleá Dhún na nGé (ca. 1100). I dtrí cinn de lámhscríbhinní a mhaireann an scéal: Acadamh Ríoga na hÉireann B iv 1, lgh. 82a–95b, a bhreac Dáibhidh Ó Duibhgeannáin idir 1671–5 (ach ar bhreac Séamas Mac Con Midhe é féin dhá leathanach di); Acadamh Ríoga na hÉireann 23 k 44, lgh. 131–180, a bhreac Tomhaltach Mac Muirghíosa idir 1721–1722; agus lámhscríbhinn 3410, fo. 59a–61b de chuid Leabharlann Ríoga na Beilge, san áit a bhfuilimid, i mBruiséil, a bhreac Míchéal Ó Cléirigh i 1629, ina bhfuil leagan ciorraithe dá scéal (dar teideal Eachtra Shuibhne), agus formhór na filíochta ar lár ann.

Suibhne: Snátha Iomadúla Seanchais

Mar is dual do chuid mhór de litríocht na Meánaoise, is téacs é Buile Shuibhne a bhfuil snátha iomadúla seanchais snaidhmthe ina chéile ann. Is téacs é a thugann léargas dúinn ar ilghnéitheacht an traidisiúin as ar fáisceadh Suibhne ach a léiríonn freisin nár éirigh le húdar an bhunscéil na snátha sin a thabhairt faoi réir a chéile go sásúil ná go comhsheasmhach. Ní locht ar an údar sin óir is de thréathra na cruthaitheachta meánaoisí gur mar sin a tharlódh. Fágann sin ar fad go bhfuil cuid mhór den mhí- réir reacaireachta sa mbuntéacs agus gurb é dúshlán an athchóiritheora an mhí-réir sin a sheachaint, téacs taitneamhach a sholáthar do léitheoirí na linne seo, agus a bheith dílis don bhunábhar san am céanna: ní dúshlán go dtí éNí lomaistriúchán ar Buile Shuibhne Mé Suibhne ach athmhúnlú, athshamhlú, agus athcheapadh a cuireadh in oiriúint do thuiscintí agus do lucht léite na linne seo. Bíodh is gur ar an seanscéal a bhunaíos an saothar seo — ag tarraingt dom ar an eagrán breá a rinne James George O’Keeffe[3] (agus ar na lámhscríbhinní féin nuair a theastaigh) — bhaineas focail, frásaí, nathanna, deismireachtaí, leaganacha, múnlaí, abairtí, snátha seanchais, smaointe, agus bloghra go leor as an gcuid eile de dossier Shuibhne, as na nótaí imill agus tagairtí fánacha don seanchas Suibhneach atá le fáil in Codex Sancti Pauli, i Leabhar na hUachongbhála, nó i Leabhar Dhéan an Leasa Mhóir, as na téacsanna eile sin ina luaitear é féin gona imeachtaí — Cath Mhaigh Rath, Fleá Dhún na nGé, Agallamh na Seanórach, Fís Éanáin, Cath Fionntrá, Beatha Coluim Chille, agus as na dánta sin de chuid an aonú haois déag a leagtar ar Mo Ling agus atá ar caomhnú anseo i mBruiséil i lámhscríbh- inn 5100–4 de chuid Leabharlann Ríoga na Beilge.[4]

Madsweeneyeachas Teangamharfach

Ós pearsa uilíoch é Suibhne, síleann gach uile mhac máthar gur leis féin é, go bhfuil aithne aige air, go dtuigeann sé a chás: galar é seo a bhíonn ar lucht an Bhéarla go mór mór, dream nach dtuigeann — i ngeall ar a ndearna Heaney (Sweeney Astray, 1983) — nach taibhsiú fírinneach barantúil ná bailí ar na foinsí an torathar frankensteineach[5] a chruthaigh sé féin is a lucht leanúna, dream nach dtuigeann nach raibh a leithéid de phearsa riamh ann agus Mad Sweeney. Thar nithe go leor, d’fhéachas leis an ngreim atá ag an mBéarla ar Shuibhne — an madsweeneyeachas teangamharfach sin — a ruaigeadh trína dhúshlán a thabhairt, athsheilbh a fháil ar ár ndúchas féin, ar ár n-oidhreacht liteartha féin, ar ár Suibhne féin, agus iad siúd nár thuig agus nach dtuigeann blas beo ina thaobh ach an méid a léigh siad faoi as Béarla a chur de dhroim seoil ós sinne seachas aon dream eile oidhrí dlisteanacha agus lucht seilbhe na litríochta sin feasta. Murar den cheartas polaitiúil ná den chineáltas an méid sin a rá, is trua liom mo cheird.

Ó thaobh láimhseáil agus seicheamh an bhunábhair, thugas saoirse go leor dom féin mar go bhfuil Buile Shuibhne chomh foirgthe sin in áiteanna leis an leadrán is le laigí struchtúrtha, le hathrá is le dúbailt, leis an easpa críochnúlachta is dual do litríocht na linne sin, nach bhféadfaí leanúint go dall dílis dá lorg dá mbeifí le téacs taitneamhach a bhaint as: chaithfí leagan amach nua a chur ar an ábhar agus cuid de a chur i leataobh ar fad, go deimhin. Ós amhlaidh a bhí, cé gur chloígh mé ar an mórgóir ó thaobh leagan amach agus chruth an scéil de le seicheamh na n-eachtraí mar a bhí sa mbunleagan, bhuaileas leagan amach ‘seachtardha’ (.i. na seacht ling) anuas ar an iomlán. I dtaca le seachnóineachas Shuibhne agus leis an gcuid sin den téacs ina gcuirtear síos ar an tsíor-chorrthónacht, rinneas aon chaibidil amháin de (.i. an seisiú ling) mar nach bhfuil sa gcuid sin den bhunleagan ar deireadh ach athrá ar an téama céanna. Anuas air sin, chruthaíos croineolaíocht do Shuibhne .i. bliain is fiche nuair a tháinig i gcomharbacht ar a athair Colmán Cuar, ocht mbliana is fiche nuair a chuaigh le craobhacha, naoi mbliana le cois an dá scór nuair a cailleadh, agus mar sin de, rud nach raibh sa mbunleagan.

Maidir le hainm an tsaothair, beidh daoine ann (go bhfága Dia againn iad) a mbeidh lucht acu air mar gur dóigh leo go bhfuil an t-ainm sin mínádúrtha ó thaobh na Gaeilge comhaimseartha de .i. gur nádúrtha go mór, dar leo, Mise Suibhne a rá. Ní bréag nach bhfuil rud le rá acu ach ní mór a thuiscint, mar sin féin, gur traidisiún gan bhearna gan bhriseadh — ionar gan uaim — is léir don té a d’athchóirigh an bun-saothar agus nach mian liom géilleadh don mhíthuiscint ná don mhí-anailís ar théada taca an traidisiúin.

In dhá théacs Sean-Ghaeilge de chuid an Fhéineachais (Breatha Cróluighe agus Breatha Dhéin Chéacht) is túisce léargas le fáil in Éirinn (agus go deimhin in iarthar Eorpa in aon cheann de theangacha na ndaoine) ar an meabhair- ghalar, ar na cearta is freagrachtaí ba dhlite do na heasláin, go mór mór dóibh siúd nár shlán dá séis. I dtéacs eile de chuid an tseanreachta — De Dhrúthaibh, Mearaibh agus Dásachtaibh a cumadh thart ar an mbliain 900 — pléitear nithe áirithe a bhain le lucht na hintinne íogaire, agus castar orainn na trí théarma ba choitianta sa tréimhse roimh 1200 le cur síos orthu — drúth, mear, agus dásachtach, trí fhocal nach maireann a mbrí ainmfhoclach ach sa gcaint fhileata sa lá atá inniu ann ós mar aidiachtaí amháin a mhaireann sa ngnáthchaint. Dá raibh de théarmaí sa bhFéineachas ina dtaobh siúd dá ngabhann an galar intinne, is aisteach le rá nach bhfuil an focal geilt ina measc ar chor ar bith. Ó tharla, más ea, nach mar théarma dlí a mhaireann ach mar ainm a thugtar i gcomh- théacsanna liteartha nó bréagstaire ar dhuine a ghabh le craobhacha, cá bhfios nach bhfuil ann ar deireadh ach déantús liteartha de chuid lucht scaoilte na scéal?

Maidir leis an bhfocal buile, is ón leagan Sean-Ghaeilge baile a shíolraigh, focal a raibh dhá bhunchiall leis dar le DIL: 1) fís [‘vision’], agus 2) mire [‘frenzy’], nó mearchiall i ngeall ar thaispeánadh osnádúrtha [‘madness (originally arising out of super-natural revelations)’].[6] An chiall chéanna, mórán, a thugann an LÉIA[7]: 1) fís eacstaiseach [‘vision extatique’], agus 2) mire [‘folie’]. Sa dara haois déag a chastar orainn den chéad uair na leaganacha for buile (—> NGh ar buile) agus fri buile (— > NGh le buile) bíodh is nach dtagann siad i dtreise i gceart go ceann tréimhse is faide anonn ná sin. De réir O’Rahilly, bhí an tseanchiall (a bhain le fís nó ‘mantic utterance’ mar a thugann sé air) imithe i léig faoin dara haois déag agus an chiall ba choitianta ina dhiaidh sin (.i. ‘madness’ mar a thugann sé air) in uachtar.[8]

An té a rachadh ar thóir na pearsan stairiúla Suibhne mac Colmáin Chuair agus a leanfadh lorg na bhfoinsí (na ginealaigh nó na hannála, abair), tásc ná tuairisc ní bhfaigheadh air in aon áit. An beagán féin a d’aimseodh, ba ghearr go léireodh gur ina chíor thuathail ar fad atá sna foinsí maidir le Cath Mhaigh Rath — an cath a bhris Domhnall mac Aodha mhic Ainmhireach (Uí Néill an Tuaiscirt) ar Chonghal Claon mac Scannláin (Dál Riada) sa mbliain 637, de réir Annála Uladh — agus maidir le Suibhne féin. Go deimhin, sna hannála is sine, ní luaitear Suibhne dubh bán ná riabhach leis an gcath, ach i dtacar eile díobh, deirtear gurb ann a cailleadh é. Is leor sin lena léiriú nach raibh na luathstaraithe féin ar aonfhocal faoi Shuibhne ná faoinar bhain dó.

An Raibh a Leithéid Riamh Ann?

De leisce an fhadscéil, más ea, tá chuile chosúlacht air nach raibh a leithéid de dhuine riamh ann agus Suibhne mac Colmáin Chuair. Fágann sin gurbh éigean don údar an fhicseanúlacht a chur ar gcúl agus pearsa fhíorasach a chruthú as an nua san áit nach raibh a leithéid riamh cheana. Ina theannta sin, b’éigean dó glór uathúil inchreidte a thabhairt don phearsa sin lena scéal a inseacht. Níor bheag sin de dhúshlán. Ach an té a léas Buile Shuibhne, ní rithfeadh go brách leis, sílim, nárbh ann riamh do Shuibhne Geilt. A chúis sin? Gur éirigh chomh maith sin leis an údar an fhicseanúlacht a chur ar gcúl trí bhunchloch de fictions de vérite (mar a thug Dragonetti[9] air) a chruthú lena nuascéal a chumadh: meascán den stair is den tsamhlaíocht, den bhréag is den fhírinne chruthaíoch.

Ba í mallacht Rónáin an cuidiú ba mhó a fuair an t-údar leis an bhficseanúlacht a chur ar gcúl mar gur i ngeall ar an mallacht sin nár tháinig aon duine eile de shliocht Cholmáin Chuair ina dhiaidh mar rí ar Dhál nAraidhe nuair a cailleadh Suibhne ach gur scrios sleachta, díothú díne is cac ar craobha a lean dá éis! Rud eile a rinne sé ab ea áit lárnach a thabhairt don timpeallacht, don tírdhreach, don dinnseanchas trí áiteanna aitheanta a lua, rud a chuirfeadh dreach na fírinne ar an scéal a bhí á reic aige. Is é is spéisiúla faoina ndearna sé gur meascán den fhírinne agus den bhréag atá le fáil sa scéal .i. áiteanna a d’aithneodh na héisteoirí ar an bpointe boise agus áiteanna eile a bhaineann go sonrach le scéal Shuibhe ach nach bhfuil aon ní dá mbaineann leo per se a thabharfadh ar an lucht éisteachta a cheapadh nárbh ann dóibh i ndáiríre .i. na fictions de vérite ag obair arís.

Ina theannta sin, rinne sé rud (más os íseal féin é) i bhfíorthosach an téacs le fíor na fírinne a chur ar an scéal: log, aimsir, fáth agus pearsa an scéil a thabhairt, mar ba ghnás le lucht na seanscéalaíochta. San obair a rinne sé agus an saothar á chruthú aige, léirigh an t-údar an cumas céadach nuair a líon sé an bhearna mhór sin idir an fhírinne agus an fhicseanúlacht. Duine é a bhí in ann a shamhlaíocht féin agus an stairiúlacht (idir fhíor is bhréag) a thabhairt ar comhréim le chéile agus an dubh a chur ina gheal. Maidir le glór uathúil inchreidte a thabhairt don gheilt, níorbh aon dóithín an méid sin óir mar atá ráite ag Max Wehrli: Gach ní dá ndeirtear, éilíonn sé teanga arb ann di cheana mar rud coibhneasta seasta ach mar rud a shaibhrítear a thuilleadh tríd an méid a deirtear.[10] B’éigean dó, más ea, rud a chur san áit nach raibh a leithéid cheana, nua-fhocail a chumadh — parole leordhóthananch tuisceanach duinelárnaithe a chruthú, a fhaghairt, agus a úsáid mar chuid dhílis den chaint a fuair sé féin le hoidhreacht — le scéal na geilte a aithris agus cur síos a dhéanamh ar an té dár ghabh galar intinne. Rud é sin nach ndearnadh riamh sa nGaeilge nó gur cumadh Buile Shuibhne.

Tabharfar suntas láithreach don líon mór d’fhocail dhíorthacha atá sa téacs le cur síos a dhéanamh ar an ngeilt agus ar a mbaineann leis nó léi — gealtán, gealtagán, gealtóg, gealtach, beingheilt, luaimhgheilt, luaithgheilt, naoimhgheilt, uairgheilt, aithghealtacht, ró-ghealtacht, baoithghealtacht agus mar sin de — agus ar focail iad nach bhfuil le fáil ach in Buile Shuibhne (cuid mhaith acu sa bhfilíocht) nó i dtéacsa atá ceangailte leis an scéal sin.[11] Anuas ar parole nua a chumadh, bhain an t-údar leas as seifteanna reacaireachta leis an nglór uathúil inchreidte sin a chumadh: úsáid a bhaint as an gcéad phearsa le beagnach leath an scéil a insint (thart ar 8,000 de na 18,000 focal atá sa mbuntéacs), agus tús áite a thabhairt don chomhrá inmheánach ó thús deireadh. Trína scéal a inseacht sa gcéad phearsa uathu, rinne an t-údar duine den gheilt as an té nach gcaitear leis go hiondúil sna foinsí ach ar leibhéal na haicme .i. mar typus ginearálta. Is é an gníomh daonnaitheach sin, an gníomh a dhéanann duine as an typus anaithnid — ainm agus guth a thabhairt don gheilt agus caitheamh leis mar dhuine — a dhéanann téacs as an ngnáth de Buile Shuibhne.

An ról lárnach seo a thugtar don chéad phearsa, don Fhéin, ní hé gnás na seanlitríochta é óir níorbh í an chéad phearsa ach an treas pearsa glór iompartha na reacaireachta sa seanreacht. Cé go maireann corr-aiste filíochta, ar nós Mé Cailleach Bhéarra (Sean-Ghaeilge) nó Mé Éabha (Meán-Ghaeilge), ní heol dom aon téacs fada próis de chuid an tseanreachta arb í an chéad phearsa is reacaire ann. Sa mbuntéacs, ní mórán cainte a dhéanann Suibhne le daoine eile; cuid mhaith den chaint a chaitheann sé, is air féin a dhírítear (sa tríú pearsa scaití le teann truamhéala) nó is leis féin a chaitear ó tharla gur as féin a bhíonn sé den chuid is mó. Dar ndóigh, ó thaobh na heirméineotaice de, is féidir a rá go ngabhann teachtaireachtaí éagsúla lena leithéid d’iompar ach cá bhfios nach í an teachtaireacht is follasaí an ceann a thugann le fios don lucht éisteachta gur duine é Suibhne a bhíonn ‘ag caint leis féin’, comhartha ar an místuaim shóisialta, ar an díbirt as clós an choin- bhinsiúin, agus ar an eisiamh daonna.

An tús áite seo a thugtar don chéad phearsa mar dhírghlór (Erzählstimme) sa téacs, tugann sé fócas fíor-shonrach fíorphearsanta don reacaireacht ionas go gcruthaítear trua agus taise, dile is dáimh, idir pearsa Shuibhne agus lucht éisteachta an scéil. Fágann béim seo an údair ar an bhFéin gur féidir Buile Shuibhne a thuiscint mar dhírthéacs (Ich- text) .i. téacs dar cuspóir tuiscint shuibiachtúil, a bhíonn ar foluain idir fearann na suibiachtúlachta agus fearann na hoibiachtúlachta, a chur i bhfriotal, mar a dúirt Spense.[12] An bhéim seo ar an gcéad phearsa, ar an bhféinfheasacht, ar an bhféinmhachnamh, agus ar an bhféinscrúdú a ghabhann leis an gcéad phearsa, is rud é nach bhfacthas chomh tréan sin riamh sa nGaeilge. Anuas air sin, ós mó den chúiseamh agus den táinseamh ag gabháil leis an dara agus an tríú pearsa, tugann úsáid na chéad phearsan faoisteanúlacht ar leith don téacs, faoisteanúlacht is léir fud fad an scéil, faoisteanúlacht is cúis leis an bhféinmhilleánú a dhéanann Suibhne ach a dtuigtear dó gurb é féin, dar fia agus ar deireadh, is cúis lena chinniúint chráite féin. BHNE

Maidir leis an áit a suitear cuid mhaith den scéal, cé gur mór i gceist na cuanta, na sléibhte, na gleannta agus mar sin de, is mór i gceist freisin na crainn ós minic le Suibhne cur faoi ina measc. Go deimhin, tá crann ar leith ann — an bile — ar thuas ann a tharlaíonn cuid mhaith den scéal. Ba mhór i gceist sa seanreacht an bile mar ionad insealbhaithe ríoga, an áit a ndéantaí an damhna a oirniú ina rí. Is léir áfach gur ról eile atá aige anseo: áit sóláis, áit faoisimh, áit dídine, ardán a fheidhmíonn go meafrach mar fhara ríoga (murab ionann agus ríchathaoir) ag an té nach bhfuil fanta aige de chairde sa saol i ngeall ar an gcrua-chinniúint a d’éirigh dó ach na crainn ós iad na crainn chrua-loma chliothardhlútha, mar a deir Suibhne féin, is cairde agus is lucht luadair dó feasta. Go deimhin, i bhfianaise an cheangail atá ag Suibhne leis an bhfilíocht, agus ó tharla gur sa mbile a aithristear an tríú cuid (nach mór) den fhilíocht atá sa téacs, gurb ann is minic leis a racht fileata a ligean, is geall le locus poesis nó ardán poiblí don fhilíocht aige an bile.[13]

Is fada siar sa litríocht a théann cáil na filíochta ar Shuibhne. I nóta imill Meán-Ghaeilge a cuireadh leis an téacs Sean-Ghaeilge Breatha Éadghaidh, luaitear ar cheann de thrí bhua Chath Mhaigh Rath gach ar fhág Suibhne ina dhiaidh de scéalaibh agus de laoithibh in Éirinn. Is deas mar a thagann an cháil sin Shuibhne mar fhile le samhail sin na geilte mar dhuine a fhaigheann fís nó léargas osnádurtha.

Go deimhin, cáil seo na filíochta a shamhlaítear le Suibhne, thabharfadh sé ar dhuine a cheapadh go mb’fhéidir gurbh fhearr de thuiscint ar an bhfocal buile (i dteideal an scéil ar aon nós) an insania poetae, téarma a thagann i dtreise san Iarthar mar chur síos ar bhua an fhile sa dara haois déag agus go gearr sular cumadh Buile Shuibhe.

Téacs iltoiseach ilchisealach é Buile Shuibhne ach dá bhfuil de théamaí ann, is cinnte go bhfuil an claochlú ar an gceann is lárnaí. Níl áit is fearr a bhfeictear sin ná sa gclaochlú a d’fhág Suibhne ina fhear-éan clúmhach ó chraobh go craobh, ina gheilt ó chrann go crann. Is ionann an metamorphosis intinne agus corpartha a thagann air agus comhartha seachtrach don tsochaí dar di é nach ceadmhach dó feasta fanacht ina rí ar Dhál nAraidhe ós geis ar gach rí a bheith faoi mhácháil. Feictear an claochlú arís, ag deireadh an scéil, nuair a dhéantar naomhgheilt den té sin ba gheilt gan chonn tráth, go dtugtar slánú a anama dó siúd nach raibh i ndán dó ó thús an scéil ach an tsíoraíocht a chaitheamh á loscadh ar leacracha Ifrinn. Nuair a chuimhnímid ar an conversio sin ó gheilt go naomhgheilt, nuair a chuimhnímid ar an téarma a chum an t-údar leis an gclaochlú sin a chur i bhfriotal, is deacair gan cuimhneamh ar chuid dá bhfuil sa gcéad litir ag Naomh Pól chuig na Corantaigh (4:10-11) .i. amadáin sinne ar son Chríost […] táimid ag fáil ocrais agus íota, táimid lomnocht agus gabhtar do dhornaibh orainn, agus níl ionad cónaí ar bith áirithe againn. Go deimhin, tá sé mar dhuine díobh siúd a bhí rómhaith don bheatha shaolta agus a chuaigh chun fáin agus chun seachráin i bhfásaigh, i sléibhte, i scailpeanna, agus in uaimheanna talún (Leabhar na nEabhrach 11:38) óir titeann de tháir-dhán ar Shuibhne nach mór dó a shaol a chaitheamh mar dheoraí fáin más uaidh slánú a fháil.

Más é an drochghníomh agus comhrac Shuibhne le Rónán is tús leis an scéal, is é an dea-ghníomh agus cairdeas Shuibhne le Mo Ling is críoch leis. Feidhmíonn ról seo na hEaglaise sa scéal mar a bheadh dúnadh ann (mar a bhíodh sa tseanfhilíocht) óir cé gurb í an Eaglais is cúis le damnú Shuibhne is í freisin is cúis lena shlánú. Ó tharla gurb í an Eaglais ba chúis le cuid mhaith den ghéarleanúint a d’imrítí ar eiricigh, ar lobhair, ar Iúdaigh, ar an aos imill — orthu siúd nach raibh aon ghlacadh ag an tsochaí oifigiúil leo — ní miste Suibhne agus ar éirigh dó a scagadh trí lionsa na himeallachta, mar a reic R. I. Moore an teoiric sin in The Formation of a Persecuting Society. Ina theannta sin, is féidir Buile Shuibhne a léamh mar cheacht moráltachta ina léirítear a dtarlaíonn don phearsa ríoga a chuireann cosa i dtaca i gcoinne leathadh na hEaglaise. Feictear freisin cáineadh i gcogar, moráltacht mheitea-théacsúil más áil leat, ar an bhforéigean polaitiúil, ceist de chuid an dara haois déag ach ceist a bhí ag dó na geirbe ag an Eaglais le ceithre chéad bliain roimhe sin ón am ar tiomsaíodh Cáin Adamnáin. Cé go léirítear sa scéal a dtarlaíonn don té a mhaslaíonn an Eaglais agus a thugann a dúshlán, a dtarlaíonn don té a théann i dtuilleamaí an fhoréigin pholaitiúil, léirítear freisin gur féidir leis an bpeacach is measa amuigh aithrí a dhéanamh agus é féin a shlánú óir ní hí an agairt ach an fhuascailt is cás le húdar an scéil. Is ar an leibhéal daonna is ceart scéal Shuibhne a thuiscint .i. an Suibhne atá sásta ar deireadh cumhacht dhíomuan na beatha tadhaill a ligean uaidh ar son spré neimhe lá is faide anonn.

Dá mhéid den téacs a léas duine, is mó den ghné Chríostaí is léir dó, is mó de théamaí móra an chreidimh sin a chasfar air: an réamhchinniúint, an fhírinne agus an ainfhírinne, an fhulaingt agus an dólás, an díoltas agus an maithiúnas. An té a léas Buile Shuibhne, is deacair dó gan suntas a thabhairt don bhéim atá ann ar an seachnóineachas — comhartha sóirt eile de chuid na gealtachta — agus ar an síor-imeacht ó áit go háit mar is dual don homo viator. Chuirfeadh an tsíor-chorrthónacht seo is gnás le Suibhne i gcuimhne do dhuine iomramha na Sean- agus na Meán-Ghaeilge ó tharla an téama céanna le fáil iontu siúd .i. síor-imeacht an laoich ó áit go háit ar thóir an tslánaithe, an síorchorraí seachas an buanchónaí.

Ina theannta sin, is deacair gan cuimhneamh ar choincheap mór eile de chuid na Meánaoise — an saol mar aistear — agus an scéal seo a thuiscint mar mheafar ar an aithrí, mar thuairisc ar an via dolorosa a ghabh Suibhne tráth ar díbríodh amach sa domhan mór é ar shiúl ón saol agus ón só a chleacht sé tráth ba rí, ar thóir a shlánaithe, mar dhuine de na vagi in nationibus a luaitear in Hóisé 9:17. Ó tharla cur síos á thabhairt ar Shuibhne mar dhuine a bhí ar faoinneal agus ar foluamhain — ní seachnóin na hÉireann ach seachnóin an domhain — is mór an seans go bhfuil macalla sa scéal de na vagi in nationibus. Go deimhin, tá an tuiscint a thugtar dúinn ar Shuibhne mar dheoraí, mar dhuine a chaith a shaol ag imeacht ó áit go háit ar thóir a shlánaithe, mar an té a dúirt faoi féin Is mé Suibhne sirtheachán (focal de chuid an údair féin, seans maith, ó tharla gan é le fáil in aon téacs eile go bhfios dúinn, a chiallaíonn an té a bhíonn ag sireadh), ag teacht leis an tuiscint ar Shuibhne mar dhuine a chuirfí ar shíor-aistear purgóideach tríd an saol ar thóir cairdis le Dia (peregrinatio pro amore dei).

I ndeireadh na dála, ní mór do Shuibhne cúl a thabhairt leis an tsochaí dar di é gona cumhacht thalmhaí gona foréigean polaitiúil, agus an ghealtacht — an spás sin ‘ina mbíonn indibhidiú frithshóisialta, neamhpholaitiúil, agus — nach aisteach le rá é — saor le fáil’ (mar a dúirt Kristeva) a thabhairt air féin. Is í an ghealtacht féin an imeallchríoch thairseachúil is domhnas feasta dó, an áit a leagadh amach dó le haithrí aonair phoiblí a dhéanamh agus é ar thóir a shlánaithe. A mhalairt d’áit, ní cheadófar dó i ngeall ar choinbhinsiúin agus mores na sochaí, ach is í an ghealtacht cheannann chéanna sin (an áit úd a thaithíonn an t-aos imill) seachas aon phionós eile a cheadós dó i ndeireadh thiar thall é féin a shaoradh ó laincisí an choinbhinsiúin agus ó gheimhil na gealtachta.

[1] Tá plé níos cuimsithí agus níos faide déanta agam ar an mbuntéacs féin agus ar gach a mbaineann leis anseo: ‘Buile Shuibhne: vox insaniae from Medieval Ireland’, in Mental Health, Spirituality, and Religion in the Middle Ages and Early Modern Age, in eagar ag A. Classen, (Beirlín & Nua-Eabhrac: de Gruyter), 242–289.

[2] .i. ‘[…] one who has crossed the frontier of conventional parlance into unchartered linguistic terrain: he is seeking to hear, as it were, and to articulate for himself that which has not yet come to expression’, Robert W. Funk, Language, Hermeneutic, and Word of God, (Nua-Eabhrac: Harper and Row, 1966), 2.

[3] James George O’Keeffe, Buile Shuibhne (The Frenzy of Suibhne). Being the Adventures of Suibhne Geilt. A Middle-Irish Romance (Londain: Irish Texts Society, 1913).

[4] Féach Joseph van den Gheyn, Catalogue des Manuscrits de la Bibliotheque Royal de Belgique, Tome Cinquième (Histoire— Hagiographie) (Bruiséil: Henri Lamertin, 1905), 384–89.

[5] Féach a leithéid seo: ‘Mad Sweeney was originally King Lugh of the Tuatha Dé Danann who fought against the Fomorians, who were led by his grandfather, Balor. He threw a spear through Balor’s eye and beheaded him. He was the High King of Ireland from 1870–1830 BC. He evolved into the Irish king Suibhne who was cursed by St. Ronan to madness and wandering. On the eve of the Battle of Moira in AD 637, he is transformed into a bird and flees in derangement. He was brought to America by Essie MacGowan and others like her. He eventually lost his accent and many of his memories after living in America for so long.’ https://americangods.fandom.com/wiki/Mad_Sweeney

[6] eDIL s.v. 2 baile.

[7] Joseph Vendryes, E. Bachellery, agus Pierre Yves Lambert (eagí), Lexique Étymologique de l’irlandais ancien: Lettre B (Baile Átha Cliath: Dublin Institute for Advanced Studies, 1981).

[8] Thomas F. O’Rahilly, ‘Notes, Mainly Etymological,’ Ériu 13 (1942), 151.

[9] Roger Dragonetti, Le Mirage des Sources. L’Art du Faux dans le roman médiéval. (Páras: Éditions du Seuil, 1987), 23.

[10] .i. ‘Jede Rede bedarf einer Sprache, die bereits als relative Konstante vorhanden ist und wieder durch die Rede bereichert wird.’, Max Wehrli, Literatur im deutschen Mittelalter. (Stuttgart: Reclam, 1984), 104.

[11] Níor coinníodh na focail seo ar fad san athleagan. Tá mionchur síos le fáil orthu ar lgh 277–281 den alt a luaitear i bhfonóta 1.

[12] .i. ‘to articulate a subjective stance which hovers between the subjective and objective worlds’, Sarah Spence, Texts and the Self in the Twelfth Century (Cambridge: Cambridge University Press, 1996), 12. MÉ

[13] Tá plé déanta agam ar an ngné seo den scéal anseo: ‘The Arboreal in Buile Shuibhne,’ in Madness in the Woods: Representations of the Ecological Uncanny, in eagar ag K-T. Pusse, H. Schwarz, agus R. Downes (Beirlín & Nua-Eabhrac: Peter Lang), 108–122.