0 Earra

Stádas na Gaeilge faoin mBunreacht, faoin gcásdlí, agus faoi dhlí an Aontais Eorpaigh — go stairiúil agus faoi láthair — is ábhar don leabhar seo. Cuimsítear inti pleanáil agus pleanáil teanga, oideachas, craolachán, an tseirbhís phoiblí, cúrsaí Gaeltachta, Tithe an Oireachtais agus na Cúirteanna. Déantar mionphlé ar Acht na dTeangacha Oifigiúla agus moltar leasuithe atá bunaithe ar scoth-chleachtais i gCeanada agus ar Mhór-Roinn na hEorpa.

Leabhar Tairbheach Fiúntach

Is sain-téacs-leabhar é don mhac léinn agus don dlíodóir cleachtach atá scríofa ar shlí atá intuigthe d’aon duine gur cás leis cúis na Gaeilge.

“Guím go mbainfidh lucht a léite, go háirithe glúin nua d’aturnaetha agus d’abhcóidí ar cás leo an Ghaeilge, tairbhe agus fiúntas as an téacsleabhar seo.” Seán Ó Cuirreáin, Coimisinéir Teanga 2004-2014

“Déantar plé ar choincheap na Gaeltachta agus na Pleanála Teanga ó thaobh an dlí de agus scagtar seasamh na Gaeilge sa reachtaíocht a bhaineann le cead pleanála, le cúrsa oideachais, leis an tseirbhís phoiblí agus le cúrsa craolacháin. Cuireann an plé ar chásanna agus ar fhasaigh éagsúla go mór le fiúntas an tsaothair. Cuimsíonn an leabhar na cásanna is tábhachtaí ar bhealach córasach a shainmhíníonn dlí teanga na hÉireann” — An tOllamh Conchúr Ó Giollagáin

Stádas Bunreachtúil Doiléir ag an nGaeilge

“Déanann an leabhar seo cur síos cuimsitheach ar stádas dlíthiúil na Gaeilge sa tír seo agus san Eoraip. Déanann sé anailís gan réamhshampla ar stair dhlíthiúil na teanga. Beidh an saothar seo sárluachmhar don té a bhfuil suim sa Ghaeilge aige, agus go háirithe do gach mac léinn dlí agus scoláire dlí – go háirithe i réimse an Dlí Bhunreachtúil –  do gach aturnae, gach abhcóide agus gach breitheamh a chleachtaíonn sa réimse seo. Tá an leabhar leagtha amach agus scríofa i ndóigh iontach soiléir. Beidh sé oiriúnach do lucht léitheoireachta leathan, mic léinn dlí san áireamh.” — An Dr Eimear Brown, Déan, Scoil an Dlí, Óstaí an Rí

An Dearcadh Idirnáisiúnta

“Tá an leabhar scríofa sa tslí is go gclúdaíonn sí an comhthéacs dlíthiúil in Éirinn — idir chleachtadh, reachtaíocht, Dhlí Bunreachtúil, chearta agus ilnithe eile — ach, níos tábhachtaí b’fhéidir ná seo, tugann an leabhar seo an dearcadh idirnáisiúnta …. Tá an leabhar cuimsitheach sa tslí is go gcuireann an sí scéal na Gaeilge sa Dlí ar shlí atá in-léite agus soiléir. Beidh an leabhar seo ar an liosta léitheoireachta mo chuid mac léinn cinnte.” — An Dr Seán Ó Conaill, Scoil an Dlí, Coláiste na hOllscoile Corcaigh

“Téann an t-údar i ngleic go háirithe le cásanna inar fágadh stádas bunreachtúil doiléir ag an nGaeilge de bhun bhreithiúnais na gcúirteanna agus déantar mionanailís ar na cásanna céanna.” — An Dr Cathal Billings, Stiúrthóir, Lárionad de Bhaldraithe do Léann na Gaeilge, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath

Is abhcóide cleachtach é Dáithí Mac Cárthaigh B.A., M.A., LL.B., a phléann le cúrsaí sibhialta agus coiriúla. Tá réimse leathan alt faoi chúrsaí dlí foilsithe i nGaeilge agus i mBéarla aige. Comhordaitheoir Dlí agus Gaeilge in Óstaí an Rí é, áit a riarann sé na cúrsaí Ard-Dioplóma sa Dlítheangeolaíocht (don AE), san Aistriúchán Dlíthiúil, agus sa Dlí-Chleachtadh trí Ghaeilge.

Is abhcóide sinsir é Séamas Ó Tuathail BA, A.T.O., C.T.G., a bhí páirteach in go leor cásanna cáiliúla ó thaobh an dlí bhunreachtúil de. Tá cleachtas agus saineolas an-leathan aige ar réimsí éagsúla dlí — clúmhilleadh, dlí na talún, díobháil phearsanta, probháid, agus eile. I measc foilseacháin eile leis, tá leabhar dlí foilsithe aige maidir leis an nGaeilge faoin mBunreacht.